Page:Deoraidheacht (1920).pdf/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
23
Deoraidheacht

atá faoi deis­ighthe ar an mbealach seo agam (bhrúigh sé an chos isteach fúm), agus cóta mór ’n‑a thim­cheall mar seo (chuir sé cóta mór an fhir bhig bhuidhe ’mo thim­cheall), dheamhan a gcreidfeá go raibh cos ar bith faoi. Acht an chaoi a raibh a éadan daithte agam, agus an folt mór gruaige bréag­aighe síos go bhásta a bhíodh air—bhí saidh­bhreas ann, saidh­bhreas mór.

Le chomh greann­mhar is bhí sé ag rádh na cainte, agus leis an deagh-chraic­eann a chuir sé uirri, agus leis an gcosamh­lacht a bhí air féin, ní fhéadfá aon olc a bheith agad dhó. Na daoine a bhí ann, bhíodar ag teannadh liom le dearcadh níos cruinne ar dhuine a bhí chomh hion­gantach liom, acht chuir sin olc orm. Leigeas béic orra. Do dhruid­eadar siar uaim arís. B’aoibhinn liom gur éirigh liom sgannradh a chur orra. Bhain an mair­néalach féin an-ghreann as. Bhain an fear beag buidhe an-ghreann as. Bhagair sé orra fanacht amach uaim, go raibh droch-fhuadar fúm, go raibh an droch-chosamh­lacht orm, go mb’fhéidir go ngoinfinn duine aca.

“Fanaidh siar uaidh! Fanaidh siar uaidh, adeirim!” adeireadh an mair­néalach agus an fear beag buidhe i n‑éindigh.

Acht bhí aon bhean amháin ann nár sgann­ruigheadh. Bean mhór a bhí innti, bean mhór mhill­teach a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire na Rómhánach. Gruadh ar dhath an chaoir chaor­thainn uirri. A brollach sgaoilte aici. Boladh an óil uaithi. A dhá súil ar lasadh ’n‑a ceann.

Shuidh sí le mo thaobh ar an suidh­eachán. Labhair sí liom agus an uile dhuine dá raibh ann ag féachaint orainn.

“Is ait an Gear­mánach thú,” ar sise, “agus tú ag labhairt Gaedhilge feadh na hoidhche.”

Ní raibh a fhios agam céard ab’ fhearr dhom a rádh. Bhí náire orm roimpi, go mbéinn ’n‑a leithéid sin de chomh­luadar, go leigfinn dóibh stáicín áibhéise a dhéanamh dhíom.