antacha innseacht do’n mhairnéalach groidhe bhí le m’ais, agus ar ndóigh, ní do dhuine ar bith eile tharla na heachtraí acht dhom féin.
I mBéarla bhíos ag cur díom i dtosach, acht ní raibh sé i bhfad gur thionntuigheas ar an nGaedhilge i ngan-fhios dom féin.
Bhí an áit lán agus tháinic iongnadh orra uile ar chlos na teangan nuaidhe dhóibh, acht ar an mairnéalach amháin. Níor leig an cleasaidhe úd air acht gur thuigh sé an uile fhocal dá raibh me a rádh. Bhíos corruighthe go mór, agus bhí fonn orra-san fios d’fhagháil céard a bhí ag gabháil dom.
D’éirigh fear beag buidhe bhí ’n‑a shuidhe leis féin i gcúinne ’n‑a sheasamh. Firín beag buidhe rocach géar-chúiseach a bhí ann agus a dhá shúil shoillseacha imthighthe isteach ’n‑a chloigeann. Is ar éigin d’fheicfeá chor ar bith iad leis na malaíbh móra dubha bhí ós a gcionn. Chuir sé cúpla ceist ar an mairnéalach. Is beag nach ndeachas féin ’sna trithíbh nuair a thugas faoi deara cé mar bhí an tsrón mhór fhada chrotach agus an smigín fada biorach a bhí air ag iarraidh a bheith ag pógadh a chéile ’chomhfhad ’s a bhí sé ag caint.
Bhí an mairnéalach sásta mo sgéal-sa a nochtadh dhó. Sgaoil sé siar slug mór eile, agus thosuigh air ag cur de go tapaidh agus go bríoghmhar, agus a raibh ann ag éisteacht leis go haireach.
Dubhairt sé gur Gearmánach a bhí ionnam féin; go rabhas ar buile tráth dem’ shaoghal; gur mharbhuigheas ochtar fear an uair sin (dhruid cuid aca siar uaim); gur cuireadh i dteach na ngealt mé feadh sgathaimh fhada—go raibh rí na tíre sin sásta mé sgaoileadh saor. Bhí mo chiall agam nuair a sgaoileadh amach mé, ar ndóigh, agus céard a dhéanfainn acht aghaidh a thabhairt ar an Afraic Thoir leis na leomhain a mharbhadh.
’Seadh go díreach (ar seisean). Is ann a milleadh mar sin é. Sean-leomhan fíochmhar a tháinic air, a mhic ó, agus