“Ní raibh ann acht mugadh-magadh,” arsa mise faoi dheireadh.
“Ní raibh dochar ann. Cé arb’ as tú?”
“As Gaillimh.”
“As Gaillimh, an eadh? An ndeir tú liom!”
“Dheamhan focal bréige ann. Acht cé arb’ as thú féin? Gaedhilge na Gaillimhe tá agad.”
“As Cill Aodáin mise.”
“As Cill Aodáin! Ní’l sé thar dhá mhíle dhéag ó bhaile na Gaillimhe; is minic a bhíos ann. Nach ann a rugadh…?”
(Fear a raibh cáil mhór air uair d’ainmnigheas-sa. Fear a cheap buille a bhualadh ar son a thíre).
“Is ann a rugadh é,” ar sise; “bhíos ag dul ar sgoil leis.”
D’éirigh sí smaointeach. Tháinic na deóir ’n‑a súilibh. Thriomuigh sí le n‑a práisgín iad. D’ól sí blogam eile as an ngloine. Bhíomar ar leathtaobh linn féin faoi’n am seo agus gan áird ag na daoinibh eile orainn. Bhí an fear beag buidhe agus an mairnéalach ag comhrádh ’san gcúinne.
“Na bith - - - - eamhn - - - - aigh!” ars’ an bhean mhór ruadh a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire na Rómhánach; agus ní hé amháin go raibh an t‑éadan uirri acht bhí an chosamhlacht uirri go ndéanfadh sí gníomh uathbháis a sháróchadh aon ghníomh uathbháis dá ndeárna Impire Rómhánach ariamh—dá mbéadh sé ’n‑a cumas.
“Cé na bitheamhnaigh?” arsa mise le n‑a sásughadh, mar bhí buile uirri.
“Nach bhfuil fhios agad féin cé hiad? Nach Éireannach thú?”
Leis an olc agus leis an taod agus leis an cuthach feirge bhí uirri, is ar éigin thuigfeá í.
“Do chrochadar na sagairt. Do shladadar an pobal. Do dhíbrigheadar na manaigh agus na bráithre. Do bhánuigheadar an tír.”