Page:Deoraidheacht (1920).pdf/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
22
Deoraidheacht

é ’n‑a chodladh. Marach go raibh sé ’n‑a chodladh, beag baoghal go dtiocfadh sé air, bhí sé chomh haireach sin. Acht sul ar fhéad an fear bocht arm faobhair nó teineadh a ghlacadh chuige, nó sgread féin a leigint, chuir rí na coille na crúba go cnámh ann. Nach bhfeic­eann síbh a rian air fós, a cháirde?

Thasbáin sé dhóibh na loit d’fhág an gluais­teán ’n‑a dhiaidh ’mo éadan. Cheapas féin cosg a chur leis acht níor éirigh liom. Siúd ar aghaidh leis an gcaint arís é.

Acht bhí sgian mhór fhada ghéar aige (arsa mo dhuine), agus le preabadh do shúl bhí sí go feirc aige i gcroidhe an leomhain. Nach raibh, a chara? Go deimhin bhí. Agus nár thug tú leat an beith­idheach mór ar do dhruim, nó an méid de d’éirigh leat iomchur? Nár thugas féin ar bórd na luinge thú—thú féin agus an t‑ualach? Cad chuige nach dtiubh­rainn, a cháirde, fear tréan cumasach mar é, a bhí i n‑an’ leomhan a mharbhadh agus a iomchur?

Céard d’éirigh dá leath-chois agus dá leath-láimh, an eadh? Mo léan agus mo ghéar-ghuirt! Is brónach le n’aithris é. B’éigin do dhochtúir a mbaint de. Dob’ éigin, a cháirde, agus ba mhór an truaigh é, dá mbéadh neart air….

Ní raibh focal ag neach dá raibh ’sa láthair, acht iad ag cur na súl thríom. Iongantas ar chuid díobh. Truaigh ag cuid eile aca dhom. Cuid eile aca a bhí ró ólta leis an sgéal a thuigsint i gceart.

Acht ní raibh an mair­néalach groidhe sásta leis an méid sin bréag. B’ion­gantach ar domhan an fear bréag é, agus de réir mar bhíodh sé ’ghá spalladh is amhlaidh is fearr bhíodh sé ag cuimh­neamh orra.

Nár éaluigh­eamar beirt as an luing ’san Spáinn, agus nár shiubh­lamar an tír sin agus mise im’ iongantas aige? Nach mbíodh na céadta—na mílte—ag teacht chugainn le mise fheiceál? Nuair a bhíodh an stumpa de leath-chois sin