Page:Deoraidheacht (1920).pdf/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
13
Deoraidheacht

diabhail úd! Agus mé ’mo stáicín aith­bhéise aca i gcaith­eamh an achair!

Ní bréag a rádh go rabhas go díom­bádhach agus go leamh dhíom féin. Chaith mé mé féin ar an úrlár agus thos­uigheas do mo luasgadh féin anonn ’s anall, agus ag stracadh na gruaige as mo cheann le teann cumha agus dubróin. Dubhras cúpla paidir. Gheallas i láthair Dé go mbéadh a mhalairt de shaoghal agam feasta dá mb’ é A thoil naomhtha é. Annsin thos­uigheas ag gol agus ag cur na súl go dtí go raibh mo chuid féasóige fliuch le deóraibh….

Ar maidin dubhras le bean an tighe go raibh fúm imtheacht.


III.

An chéad teach eile ’n‑ar chuireas fúm, bhí sé ar an taobh eile de’n chathair agus ar an adhbhar sin ní raibh aon eagla orm go gcasfaí duine ar bith de’n tsean-chomh­luadar liom. Dá mbadh rud é go mbéadh a thuil­leadh airgid agam, ní ’san gcathair d’fhanfainn ar chor ar bith, acht bhí súil agam i gcomh­nuidhe go bhfuigh­inn obair éigin, obair éasgaidh éigin bhéadh ar mo chumas a dhéanamh.

Mar sin de chuireas fúm ’san teach mhór seo. Agus nach teach mór millteach a bhí ann i ndáir­íribh! Ceithre chéad fear a bhí ’n‑a gcomh­nuidhe ann agus é lán. Cineál seómrín faoi leith ag gach duine dhíobh sin. Agus ar maidin d’fheicfeá gach fear aca agus a ghreim féin dhá ghléasadh aige.

Acht bhíodh uaigneas orm-sa má bhí an sluagh mór féin ann. Ba uaignighe mé, ar bhealach, i láthair an tsluaigh mhóir ná ’mo sheómrín féin ’san tsean-áit. Liom féin dob’ fheárr liom a bheith go gnáthach, agus nuair a shuidhinn ag fuinneóig ag dearchadh amach ar an tsráid, agus ar na daoinibh bhí ag gabháil thart, ar na capaill, ar na carran­naibh,