Tír na n-Iongantas/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXXVI
[ 82 ]

XXXVI.

Ḃí ċloċ ṁór ar ḃruaċ an ṗuill agus séard a ṡíl Máire Ḃán a ḋéanaṁ i dtosaċ ná an ċloċ a sgaoileaḋ le fánaiḋ ar ṁullaċ an ḃeiṫeaṁnaiġ agus é ṁarḃaḋ i dtóin an ṗuill. Ḃí an dearg-ġráin aici air ó’n gcéad lá ar ċonnaic sí ar bórd na Brídeóige é: nárḃ é ḃa siocair le bás a haṫar? Narḃ é sgaoil í féin agus an Búrla boċt amaċ ar ḋruim na bóċna le bás uaṫḃásaċ ḟaġáil leis an ocras agus leis an íota? Seaḋ sgaoil- eaḋ sí án ċloċ síos n-a ṁullaċ. An diaḃal!

Aċt a máṫair! Ḃ’ḟéidir go ḃféadfaḋ sé innseaċṫ ḋi céard a ṫárla ḋi; cárḃ ḟios di nárḃ é Dia féin ṡeol an bealaċ é le n-a tarrṫáil? An maide ḃí faoi ’n gcloiċ aici le n-a bogaḋ ċaiṫ sí uaiṫi é.

Leig an fear ḃí sínte ar ċnáṁ a ḋroma i dtóin an ṗuill osna as.

“A Ṡatan! a Ṡatan!” arsa Máire Ḃán, “is le fóirṫín ḋéanaṁ ḋuit atáim annseo. Laḃair liom adeirim!”

D’osgail an sean-ḃradaiḋe mara na súile agus d’ḟéaċ suas uaiḋ, agus nuair ċonnaic sé an cailín beag agus an feisteas ḃí uirṫi ṫáinic alltaċt air.

[ 83 ]“Cé ṫú? Cé ṫú?” ar sé go cráiḋte agus go fann, “an tú mo Ḃriġdín a ṫréigeas fadó, nó an aingeal ó Ḋia ṫú?”

“Ní ceaċtar díoḃ siúd mé,” arsa Máire Ḃán a ḃí n-a seasaṁ ar ḃruaċ an ṗuill, “aċt is mise Máire Ḃán.

“Máire Ḃán!” ars’ an fear gonta agus fonn air a naoi n-oiread a ráḋ aċt nár ḟéad sé.

“Seaḋ, Máire Ḃán Ní Riain, ḃíoḋ ar bórd na Brídeóige tráṫ,” arsa Máire agus ḃí fonn uirṫi-se a naoi n-oiread eile a ráḋ aċt nár ḋuḃairt sí é.

“Uisge! Uisge atá uaim,” ars an fear gonta agus ṡíl sé a ċeann a ṫógáil.

Ní raiḃ aon uisge d’ ḟéadfaiḋe ól i ngar ḋóiḃ, aċt ó ḃí eólas maiṫ ag Máire ar ċrannaiḃ águs ar lusraiḃ na foraoise d’eiriġ léiṫi caora beaga ḃí cosaṁail le caoraiḃ fineaṁna a ċnuasaċt dó. Ḃíodar seo go breáġ bog aibiḋ agus neart suġa ionnta agus ċaiṫ sí mogall díoḃ síos ċuige. Níor eiriġ leis breiṫ orṫa agus níor eiriġ leis an láṁ a ṡíneaḋ ċoṁ fada leó. Ḃí ar Ṁáire dorán eile díoḃ a ḃailiuġaḋ ḋó, agus nuair ċaiṫ sí síos sa bpoll iad rug sé orṫa le n-a ċiotóig sul ar ṫeangḃuiġeadar leis an dóib. Ḃaine- adar cuid de’n tart millteaċ de’n ḃiṫeaṁnaċ boċt. Annsin ċaiṫ sí roinnt ṁeacan de’n ċineál ar a dtug sí féin meacain na siḋeóg orṫa ċuige, agus baineaḋ an t-ocras mór de ar an gcuma sin. Aċt ḃí an fear boċt ag taḃairt na fola fós féin. Ḃí an dóib ḃí timċeall ar a ċloigeann mór n-a puiteaċ leis an uaṫḃás fola ṫug sé. Ḃí truaiġ ag Máire ḋó dá ḋonaċt é. Ḃí fonn uirṫi a ḋul go tóin an ṗuill agus an cloigeann mór sin a niġe agus lusra íce ċur air. Aċt cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ sí agus a ḋoiṁne is ḃí an poll? Ḃí fiċe troiġ ar a laġad sna ballaiḃ agus ḃí an dóiḃ an-ḃog: am té ḃéaḋ sé de ṁí-aḋ air ḃeiṫ ag tóin an ṗuill sin is ann d’ḟanfaḋ sé mara mbéaḋ ag Dia. Ṫug sí faoi deara na luirg ḃí san dóiḃ ḃuig ṫart timċeall mar ar ṡíl an fear leónta ḋul i n-áirde. Is iomḋa géarṗian [ 84 ]d’ḟulaing sé le linn na n-iarraċt sin a ṫaḃairt, ba ró-ċosaṁail.

D’ḟéaċ Satan suas go truaiġṁealaċ ar an gcailín ḃí ar an mbruaċ ṫuas.

“Fan go ocair,” arsa Máire Ḃán. “Tá crann a leagaḋ leis an stoirm caiṫte annseo i n-aice leis an mbruaċ. B’ḟéidir go ḃféadfainn dréimre ḋéanaṁ de,” agus d’imṫiġ as aṁarc an ḟir ḃreóite.

D’ eiriġ leiṫi crann ḃí caiṫte ar an talaṁ sgaoil- eaḋ anuas ċuige, agus níorḃ ḟada an t-aċas go raiḃ sí n-a ḟoċair.

Annsin ṫáinig an ċainnt ċuig an mbeiṫeaṁnaċ, ċuig Satan an ċreasa iongantaiġ. Ḃí fuaṫ ag Máire Ḃán ḋó i dtosaċ, agus ní gan fáṫ e, mar b’é ba siocair le bás a haṫar, aċt nuair ċuala sí an sruṫ cainnte ċuir sé uaiḋ ṫáinic gliondar an tsaoġail uirṫi, agus d’eiriġ sí cinéal mór leis. Nárḃ áluinn an rud an ċainnt ḃréaġ ḋaonna a ċlos arís ṫar éis na mbliaḋanta dá mba ó ḃeiṫeaṁnaċ féin é! Ḃí céol ann ṫar mar ḃí i nglór aon ainṁiḋe dá raiḃ san ḃforaois; ba ḃinne léiṫi an ċainnt sin ná céol na n-éan ’ġá ḃféis; ba ḃinne léiṫi an ċainnt sin ná cogarnaċ gráḋṁar an tsean leoṁain féin!

Ná bíoḋ iongnaḋ mór ar éinne gur ṫaiṫniġ cainnt an ḃeiṫeaṁnaiġ ċoṁ mór sin leis an gcailín beag. Níorḃ ḟiú cainnt a ṫaḃairt ar lag-iarraċtaiḃ an Ḃúrla. Pé cainnt ḃí aige súid ar ḟágáil baile mór na Gailliṁe ḋó, ba ḃeag le ráḋ é, agus ḃí an méad sin féin imṫiġṫe uaiḋ ṫar éis an ama ċaiṫ sé imeasg na mbeiṫiḋeaċ allta i ḃforaois na leoṁan. Maidir léiṫi féin, ḃí a cuid cainnte ag éaluġaḋ uaiṫi i ndiaiḋ a ċéile i ngan ḟios di; maraċ an aṁránaiḋeaċt is cinnte go mbeaḋ sí ċoṁ balḃ leis an mBúrla féin.

Ḃí eólas uaiṫi freisin. Dá mbeaḋ tuairisg aici ar imṫeaċtaiḃ na Brídeóige, ar a máṫair, agus ar ḟuirinn na luinge go mór-ṁór ar an ngiolla agus an máta ċaḃraiġ le n-a haṫair!

Agus Satan féin, Satan an ċreasa iongantaiġ! Céard [ 85 ]d’eiriġ ḋó ḃeiṫ n-a luiġe go tinn cráiḋte i dtóin an puill i dTir na nIongantas?

Ḃí an t-éolas seo ó’n gcailín aċt ḃí uirṫi ḃeiṫ foiġdeaċ.