Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/91

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

83

“Cé ṫú? Cé ṫú?” ar sé go cráiḋte agus go fann, “an tú mo Ḃriġdín a ṫréigeas fadó, nó an aingeal ó Ḋia ṫú?”

“Ní ceaċtar díoḃ siúd mé,” arsa Máire Ḃán a ḃí n-a seasaṁ ar ḃruaċ an ṗuill, “aċt is mise Máire Ḃán.

“Máire Ḃán!” ars’ an fear gonta agus fonn air a naoi n-oiread a ráḋ aċt nár ḟéad sé.

“Seaḋ, Máire Ḃán Ní Riain, ḃíoḋ ar bórd na Brídeóige tráṫ,” arsa Máire agus ḃí fonn uirṫi-se a naoi n-oiread eile a ráḋ aċt nár ḋuḃairt sí é.

“Uisge! Uisge atá uaim,” ars an fear gonta agus ṡíl sé a ċeann a ṫógáil.

Ní raiḃ aon uisge d’ ḟéadfaiḋe ól i ngar ḋóiḃ, aċt ó ḃí eólas maiṫ ag Máire ar ċrannaiḃ águs ar lusraiḃ na foraoise d’eiriġ léiṫi caora beaga ḃí cosaṁail le caoraiḃ fineaṁna a ċnuasaċt dó. Ḃíodar seo go breáġ bog aibiḋ agus neart suġa ionnta agus ċaiṫ sí mogall díoḃ síos ċuige. Níor eiriġ leis breiṫ orṫa agus níor eiriġ leis an láṁ a ṡíneaḋ ċoṁ fada leó. Ḃí ar Ṁáire dorán eile díoḃ a ḃailiuġaḋ ḋó, agus nuair ċaiṫ sí síos sa bpoll iad rug sé orṫa le n-a ċiotóig sul ar ṫeangḃuiġeadar leis an dóib. Ḃaine- adar cuid de’n tart millteaċ de’n ḃiṫeaṁnaċ boċt. Annsin ċaiṫ sí roinnt ṁeacan de’n ċineál ar a dtug sí féin meacain na siḋeóg orṫa ċuige, agus baineaḋ an t-ocras mór de ar an gcuma sin. Aċt ḃí an fear boċt ag taḃairt na fola fós féin. Ḃí an dóib ḃí timċeall ar a ċloigeann mór n-a puiteaċ leis an uaṫḃás fola ṫug sé. Ḃí truaiġ ag Máire ḋó dá ḋonaċt é. Ḃí fonn uirṫi a ḋul go tóin an ṗuill agus an cloigeann mór sin a niġe agus lusra íce ċur air. Aċt cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ sí agus a ḋoiṁne is ḃí an poll? Ḃí fiċe troiġ ar a laġad sna ballaiḃ agus ḃí an dóiḃ an-ḃog: am té ḃéaḋ sé de ṁí-aḋ air ḃeiṫ ag tóin an ṗuill sin is ann d’ḟanfaḋ sé mara mbéaḋ ag Dia. Ṫug sí faoi deara na luirg ḃí san dóiḃ ḃuig ṫart timċeall mar ar ṡíl an fear leónta ḋul i n-áirde. Is iomḋa géarṗian