82
Rinne sí ar an áit go beó, agus ṡíos uaiti i bpoll doiṁin ċonnaic sí fear n-a luiġe ar ċnáṁ a ḋroma ag cneadġail agus ag osnġail.
Níor ċreid sí a ḋá súil. Ḃí léine ḋearg air agus caipín gorm cúinneaċ ar a ċeann. Agus na cosa móra cama cnapaċa ḃí air! Agus an fiarṡúil! Agus an croiméal fada duḃ ḃí ag tuitim anuas ṫar a ḃéal mar crann sailiġe ós cionn sroṫa! Agus an fáinne ḃí n-a leaṫċluais! Agus an crios iongantaċ! Aċt cá raiḃ na sgeana, agus na piostail, agus na sleaġṫa iolċumṫa ḃíoḋ agat san gcrios iongantaċ sin nuair ḃíṫeá ar bórd na Brídeóige faoi ċúram an Ċaiptín Ṁongaíġ? Cá raḃadar uait, a Ṡatan an ṁí-áḋ?
XXXVI.
Ḃí ċloċ ṁór ar ḃruaċ an ṗuill agus séard a ṡíl Máire Ḃán a ḋéanaṁ i dtosaċ ná an ċloċ a sgaoileaḋ le fánaiḋ ar ṁullaċ an ḃeiṫeaṁnaiġ agus é ṁarḃaḋ i dtóin an ṗuill. Ḃí an dearg-ġráin aici air ó’n gcéad lá ar ċonnaic sí ar bórd na Brídeóige é: nárḃ é ḃa siocair le bás a haṫar? Narḃ é sgaoil í féin agus an Búrla boċt amaċ ar ḋruim na bóċna le bás uaṫḃásaċ ḟaġáil leis an ocras agus leis an íota? Seaḋ sgaoil- eaḋ sí án ċloċ síos n-a ṁullaċ. An diaḃal!
Aċt a máṫair! Ḃ’ḟéidir go ḃféadfaḋ sé innseaċṫ ḋi céard a ṫárla ḋi; cárḃ ḟios di nárḃ é Dia féin ṡeol an bealaċ é le n-a tarrṫáil? An maide ḃí faoi ’n gcloiċ aici le n-a bogaḋ ċaiṫ sí uaiṫi é.
Leig an fear ḃí sínte ar ċnáṁ a ḋroma i dtóin an ṗuill osna as.
“A Ṡatan! a Ṡatan!” arsa Máire Ḃán, “is le fóirṫín ḋéanaṁ ḋuit atáim annseo. Laḃair liom adeirim!”
D’osgail an sean-ḃradaiḋe mara na súile agus d’ḟéaċ suas uaiḋ, agus nuair ċonnaic sé an cailín beag agus an feisteas ḃí uirṫi ṫáinic alltaċt air.