Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

81

ba cosaṁail gur ṫaiṫniġ a glór féin léiṫi mar is iomḋa uair duḃairt sí é i riṫ na hoiḋċe.

Sa deireaḋ leig sí uirṫi féin, ar nós páisde, go raiḃ sí ag cainnt le n-a dearḃraṫair, go gcuala sí a ġlór i ḃfaḋ uaiṫi, agus ós páisde ḃí innti ċaiṫ sí leaṫuair ḃeag n-a ḟoċair aċt ní i ḃforaois na leoṁan ḃíodar ar ċor ar biṫ aċt i dteaċ a n-aṫar i n-aice le baile mór na Gailliṁe....

Nuair naċ raiḃ sé ann i ndá ríriḃ, d’eiriġ an cailín beag agus duḃairt:

“A Ḃúrla! A Ḃúrla!”

Baineaḋ geit aisti. Ċuala sí rud éigin ag taḃairt freagra uirṫi i n-aici léiṫi.

Ġlaoḋ sí arís ar an dearḃraṫair.

Tugaḋ freagra uirṫi. Ḃí sí cinnte ḋí. Ní mugaḋ- magaḋ ḃí ann anois. Ċuala sí an glór ba ḃrónaiġe dar ċluineaḋ ariaṁ in gar di. Ní glór ainṁiḋe ḃí ann aċt glór duine. Ḃí ḟios aici sin go maiṫ mar d’aiṫ- neóċaḋ sí glór aon ainṁiḋe dá raiḃ san ḃforaois.

Glaoḋ sí arís.

“A Ḃúrla! A Ḃúrla! ar sise ċoṁ hárd is ḃí innti.

Ċuala sí an glór, an glór lag brónaċ daonna i n-aice léiṫi arís. Ṫosaiġ sí ag glaoḋaċ agus ag cuartuġaḋ, ag cuartuġaḋ agus ag glaoḋaċ go raiḃ sí i ndeireaḋ a hanama, aċt ó ḃí an ċoill an-ḋorċa ní raiḃ aon toraḋ le n-a saoṫar, Ag dul i laige ḃí an glór ṡíl sí, agus is minic ḃíoḋ sí ar feaḋ leaṫuaire gan an glór lag a ċlos ar ċor ar biṫ. Ḃíoḋ sí ag ceapaḋ ar feaḋ na leaṫuaire sin go mb’é an ċaoi go dtáiniġ an bás ar an té ar leis an glór, aċt nuair ċluineaḋ sí arís é, ṫiocfaḋ aiteas agus aoiḃneas uirṫi agus ṫosaiġ- eaḋ sí ar an tóir arís. Náċ í ḃí ag súil leis an maidneaċan! Naċ í ḃí go cráiḋte naċ raiḃ sé n-a lá!

Aċt ṫáinig an lá faoi ḋeireaḋ, agus ṫáinig sé go tobann mar is gnáṫaċ sna tíorṫa teó sin.

I n-aice le béal na haiḃne ḃí sí agus an ḟairrge ós a coṁair amaċ.

Leig sí a seanḃéic aisti. Tugaḋ freagra uirṫi.

G