Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/88

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

80

duḃáin ġéara ḃí aca isteaċ n-a cuid feóla. Is beag nár ċuir na feiṫidí beaga buile uirṫi agus ḃain sí as ċoṁ tapaiḋ is ḃí n-a cosaiḃ gur ṡroiċ sí aḃa ṁór ḃí san gcoṁarsanaċt agus isteaċ léiṫi san aḃainn leis na feiṫidiḃ urċóideaċa ḃí i ngreim innti a ḃáṫaḋ. Ḃí sí ċoṁ cráiḋte sin ag na siogáin nár ċuiṁniġ sí go raiḃ aon ċontaḃairt san aḃainn. Níor ċuir an crogall féin aon imniḋe uirṫi.

Níor báiṫeaḋ na cruiṁ ḃí ag taḃairt an tsoluis ḋi, má ċuaiḋ sí isteaċ san uisge féin agus níorḃ ḟada an t-aċar gur ṫosaiġ sí ag snáṁ agus ag déanaṁ aoiḃnis ḋi féin san uisge. Ba ró-ḃeag an ṁoill uirṫi aṁrán maiṫ a ċroċaḋ suas, agus ṫáinig na hainṁiḋṫe allta a ċoṁnaiḋe i n-aice na háte as gaċ uaċais agus uaiṁ agus poll n-a raḃadar ar ċlos an ċeóil dóiḃ. D’ḟeic- fiḋe ar an mbruaċ iad, idir beag agus mór agus iad ag sgrogaḋ a muineál le n-a clos níos feárr. Níor ċualadar ceól daonna ariaṁ ċeana agus ṫaiṫniġ sé go mór leó.

Uisge gealáin ḃí san aḃainn seo, aċt ċeapṫá gur aḃainn duḃaiġ ḃí innti go ġcorruiġtí an t-uisge. Dá dtumtaoi maide ann, d’ḟeicfiḋe braonaċa breáġa solusṁar ag sileaḋ ó ċeann an ṁaide. Agus san áit a ḃíoḋ Máire Ḃán ag snáṁ ḃíoḋ cearcal airgid le feiceáil agus ceann duḃ na girrsiġe n-a lár. Ṡílṫeá go mba sgiaṫ airgid ġil ḃí ag snáṁ ar ḃáis an uisge ḋorċa agus ceann duḃ dílis ceólṁar n-a lár istiġ.

Nuair ḃí sí tuirseaċ de’n snáṁ agus de’n aṁrán- aiḋeaċt ṫáinig sí go bruaċ agus ṫosaiġ ag riṫeaċt ar an mbruaċ leis an gculaiṫ áluinn ḃí uirṫi a ṫriomuġaḋ. Ba ċosaṁail le baindia aiḃne í, ag riṫeaċt agus ag léimniġ ar an mbán agus an t-uisge airgeadaċ ag sgéiṫeaḋ uaiṫi ar gaċ taoḃ!

Aċt d’eiriġ sí brónaċ gan mórán aċair. Ṫáinig aiṫṁéala uirṫi go ndeárna sí dearmad ar an mBúrla boċt, agus ṫosaiġ sí ag glaoḋaċ air i n-árd a goṫa.

“A Ḃúrla ḃig ḃídiġ, a ṗeata mo ċroiḋe. Tú imṫiġṫe ar fuaidreaṁ sa ḃforaois ḋuaiḃriġ,” deireaḋ sí. Agus