Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/87

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

79

bealaiġ b’aċrannaiġe agus b’aiṁréiḋe dá raiḃ ann ionnus naċ gcasfaiḋe neaċ díoḃ léiṫi.

Ḃí sé ’n-a oiḋċe agus ḃí an ḟoraois an-dorċa an- duaiḃseaċ, agus ní raiḃ a ḟios aici cá raiḃ sí ag dul. Ní raiḃ de ṡolus ann aċt an solus ḃí le faġáil ó na crúiṁ soillseaċa ḃí go flúirseaċ i mballaiḃ áiṫride san gcoill. Ḃailiġ an ġirrseaċ a lán díoḃ siúd, agus ṫug leabaiḋ agus áit ċodalta ḋóiḃ n-a tiuġḟolt duḃ cas go raiḃ gaeṫe geala soluis uaiṫi agus í ag imṫeaċt go haicliḋe faoi na géagaiḃ. B’aoiḃinn ḃeiṫ ag dearcaḋ ar an gcailín beag a raiḃ an ċulaiḋ ċlúṁ-éan agus bláṫ uirṫi, agus na cruiṁ lóċrannaċa seo ḃailiġ sí ag taḃairt soluis ḋi!

Aċt mo ḃrón! Ní raiḃ duine ann le lán na súl ḃaint aisti! Agus ċoṁ ciúin tostaċ is ḃí an ḟoraois ṁór! Na héanlaiṫ oiḋċe a ċleaċtaiġ an áit ní raiḃ gíog uaṫa. Ag féis na n-éanlaiṫ ḃíodar ar ndóiġ.

Ċuala sí an traḋna aon uair aṁáin agus a ṗort aisteaċ féin uaiḋ, agus ṡíl sí go raiḃ sluaiġte an aéir ar a lorg, aċt ċuiṁniġ sí gur éan a díbriġeaḋ ó’n gcoṁḋáil mar ġeall air ḃeiṫ ró-ċeanaṁail ar ṫíorṫaiḃ iasaċta ḃí san traḋna, agus ġlac sí misneaċ arís.

Is iomḋa contaḃairt ḃí san tsliġe roimpi, aċt ċeap- faiḋe uirṫi naċ raiḃ ḟios aici sin. Ḋúisiġ sí naṫair ḃí ós coinn fiċe troiġ ar a ḟad agus toirt duine ann. Níor ṫaiṫniġ leis gur dúisiġeaḋ é ba ċosaṁail, mar rug sé ar an gcrann ba neasa ḋó le n-a iarball, ṫóg sé a ċeann i n-aér agus ḃí ar tí breiṫ uirṫi agus an t-anam ḟáisgeaḋ aisdi ar an mball. Dá ḃfeiceaḋ Máire oilṗéist na súl mbeag niṁneaċ is baoġalaċ go ḃfuiġfeaḋ sí bás leis an uaṁan; aċt ní ḟaca. Agus ar an noiméad ḃí an naṫair ar tí é ḟéin ċasaḋ timċeall uirṫi, ṫosaiġ sí ar ṗort aoiḃinn a ġaḃail. Is dóċa gur ċuir an ceól draoiḋeaċt ar an oilṗéist; ar ċaoi ar biṫ sgaoil sé an grein ḃí aici san gcrann agus snáṁaiġ leis faoi’n duilleaḃair feósaiḋe.

Ṫar éis sin ċuaiḋ Máire Ḃán isteaċ i n-áit a raiḃ coṁnaiḋe ar lear mór siogán agus ċuir cuid díoḃ na