Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

78

Ṫóg sé a ċeann agus leig aon ġáir bróin as, agus ḃí an dreóilín dul i ndánaiḋeaċt air agus é buailte le n-a ṡrón beagnaċ, ċuir anál trom an leoṁain trí feáḋ i n-aér é! Nuair d’eiriġ leis ṫeaċt anuas ar an ngéig arís ḃí a ċroiḋe n-a ḃéal, agus é ċoṁ sgannruiġṫe is dḟéadfaḋ aon éan ḃeiṫ. Ċeap sé go mb’ḟeárr ḋó filleaḋ aḃaile go ciúin socair ḋó féin.

Aċt ḃí an bealaċ fada, agus sul ar ṡroiċ sé an baile ṫáinig croiḋe agus misneaċ ċuige arís. Tugaḋ droċ- íde air. Má ḃí sé beag bídeaċ féin, ba ṫeaċtaire ó ċlannaiḃ uaisle an aéir é. D’innseoċaḋ sé an sgéal dóiḃ. Ċuirfeaḋ sé i dtuigsint dóiḃ ċoṁ borb neaṁ- ḟaiteaċ is ḃí sé féin, agus an ċaoi nár ċuir an leoṁan aon tsuim ann aċt séideaḋ faoi go mí-ṁúinte gur ċuir sé trí feáḋ i n-aér é!

Ar ṡroiċint ionaid na féise ḋó, d’innis sé a sgéal do na héanlaiṫ ḃí bailiġṫe ann roiṁe. Ṫar éis mórán cainnte, ṡocruiġeadar cogaḋ dearg fuilteaċ a ċur ar na leoṁain, agus ar a gcáirde, agus an t-éan uasal ḃí faoi ḋraoiḋeaċt aca a ċoinneál n-a ġiall go ndéan faiḋe síoṫċáin.

Aċt d’éalaiġ an giall uaṫa an ḟaid is ḃíodar ag cainnt.

Ceapaḋ gur ag triall ar ṗluais na leoṁan ċuaiḋ sé, agus d’imṫiġ an t-iolar ar a lorg. Ḃí Deaideó n-a ċodlaḋ ag béal na pluaise roiṁ an iolar. D’ḟan an t-éan mór ag follaṁain ós a ċionn ar feaḋ tamaill ḃig, annsin ṫáinig sé anuas le luas lasraċ agus sgiob sé an dá ṡúil as cloigeann an leoṁain ḃoċt!

A Ḋeaideó! A Ḋeaideó! Is truaiġ linn do ċás gan fiacail gan ionga gan súil!


XXXIV.

D’imṫiġ Máire Ḃán léiṫi i ngan ḟios do’n ċuideaċ- tain le linn na hoibre seo. Ḃí sgáṫ a hanama uirṫi roiṁ ċlannaiḃ na n-eite agus na ngob, agus ġaḃ sí na