Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/92

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

84

d’ḟulaing sé le linn na n-iarraċt sin a ṫaḃairt, ba ró-ċosaṁail.

D’ḟéaċ Satan suas go truaiġṁealaċ ar an gcailín ḃí ar an mbruaċ ṫuas.

“Fan go ocair,” arsa Máire Ḃán. “Tá crann a leagaḋ leis an stoirm caiṫte annseo i n-aice leis an mbruaċ. B’ḟéidir go ḃféadfainn dréimre ḋéanaṁ de,” agus d’imṫiġ as aṁarc an ḟir ḃreóite.

D’ eiriġ leiṫi crann ḃí caiṫte ar an talaṁ sgaoil- eaḋ anuas ċuige, agus níorḃ ḟada an t-aċas go raiḃ sí n-a ḟoċair.

Annsin ṫáinig an ċainnt ċuig an mbeiṫeaṁnaċ, ċuig Satan an ċreasa iongantaiġ. Ḃí fuaṫ ag Máire Ḃán ḋó i dtosaċ, agus ní gan fáṫ e, mar b’é ba siocair le bás a haṫar, aċt nuair ċuala sí an sruṫ cainnte ċuir sé uaiḋ ṫáinic gliondar an tsaoġail uirṫi, agus d’eiriġ sí cinéal mór leis. Nárḃ áluinn an rud an ċainnt ḃréaġ ḋaonna a ċlos arís ṫar éis na mbliaḋanta dá mba ó ḃeiṫeaṁnaċ féin é! Ḃí céol ann ṫar mar ḃí i nglór aon ainṁiḋe dá raiḃ san ḃforaois; ba ḃinne léiṫi an ċainnt sin ná céol na n-éan ’ġá ḃféis; ba ḃinne léiṫi an ċainnt sin ná cogarnaċ gráḋṁar an tsean leoṁain féin!

Ná bíoḋ iongnaḋ mór ar éinne gur ṫaiṫniġ cainnt an ḃeiṫeaṁnaiġ ċoṁ mór sin leis an gcailín beag. Níorḃ ḟiú cainnt a ṫaḃairt ar lag-iarraċtaiḃ an Ḃúrla. Pé cainnt ḃí aige súid ar ḟágáil baile mór na Gailliṁe ḋó, ba ḃeag le ráḋ é, agus ḃí an méad sin féin imṫiġṫe uaiḋ ṫar éis an ama ċaiṫ sé imeasg na mbeiṫiḋeaċ allta i ḃforaois na leoṁan. Maidir léiṫi féin, ḃí a cuid cainnte ag éaluġaḋ uaiṫi i ndiaiḋ a ċéile i ngan ḟios di; maraċ an aṁránaiḋeaċt is cinnte go mbeaḋ sí ċoṁ balḃ leis an mBúrla féin.

Ḃí eólas uaiṫi freisin. Dá mbeaḋ tuairisg aici ar imṫeaċtaiḃ na Brídeóige, ar a máṫair, agus ar ḟuirinn na luinge go mór-ṁór ar an ngiolla agus an máta ċaḃraiġ le n-a haṫair!

Agus Satan féin, Satan an ċreasa iongantaiġ! Céard