Tír na n-Iongantas/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXXVII
[ 85 ]

XXXVII.

“Go maiṫiḋ Dia na peacaiḋ ḋom, an ċéad rud aduḃairt sé.

“Amén,” arsa Máire Ḃán.

“Is mór iad mo ṗeacaiḋ agus is uaṫḃásaċ,” ars Satan an ċreasa go deaġṁóideaċ.

D’aontaiġ an cailín beag leis, agus d’innis sé ḋi ná coirṫe is mó dá ndeárna sé le linn a ṡaoġail, aċt ar eagla go gcuirfiḋe sgáṫ ar éinne ní luaḋfar annseo iad. Idir gaċ dá ċoir, nó idir innseaċṫ gaċ dá ċoir ba ċóra a ráḋ, ḃíoḋ ar Ṁáire Ḃáin béal an ḃeiṫeaṁ- naiġ a ḟliuċaḋ mar ḃí tart millteaċ ag gaḃáil dó.

Nár éistiḋ tú ċoiḋċe a léiġṫéoir na páirte le n-a leiṫéid d’ ḟaoisdean n-a leiṫéid d’áit!

Nuar ḃí an faoisdean déanta ag Satan d’innis sé ḋi faoi’n mBrídeóig, agus faoi ar ṫárla dó’n luing ṁaiṫ sin ó cuireaḋ í féin agus an Búrla boċt sna daḃaiġiḃ,

“Nuair d’ḟágaḃar an Ḃrídeóg” arsa Satan, “ċeap- amar do ṁáṫair agus an giolla agus an máta ċaḃraiġ le t’ aṫair a ċuir isteaċ sna málaiḃ agus iad a ċur go ṫóin puill.... taḃair ḋom deoċ a ċailín,” ar seisean, aċt ní ḃfuair.

“Iad a ḃáiṫeaḋ, sin é ḃí uainn,” a sa Satan arís, “aċt nuair tugaḋ faoi deara naċ gailteán ḃí ag déanaṁ orainn le caḃruġaḋ linn aċt sgata éanlaiṫ ċaill an dream mallaiġṫe pisreógaċ’ ḃí liom a misneaċ agus ní ḋéanfaidís faic ḋom. Ṫáinig sgeóin i súiliḃ gaċ fir díoḃ nuair ċonnaiceadar an t-éan mór ag teaċt anuas ó áirdiḃ na spéire le beirt ṗaisde ḃí ar seaċrán ar fud na bóċna a ṫárrṫáil.

“‘Tá láṁ Dé n-ár n-aġaiḋ,’” arsa duine

“‘Bás agus damnuġaḋ síorraiḋe atá i ndán dúinn,’” arsa duine eile.

[ 86 ]“Ċuir fear eile coṁarṫa na Croise ar a ḃéal, agus b’ ṡingníoṁ nár facṫas ar bórd na Brídeóige le tamall maiṫ. Ḃi criṫ-eagla ar ċáċ. Ċuaiḋ beirt ar a nglúnaiḃ, agus beirt eile. I gceann cúig noiméad, ċeapṫá gur istiġ i dteaċ pobuil ḃeaḋṫá nuair ċluinṫeá an dá ’réag beiṫeaṁnaċ sin ag ráḋ an ṗáidrín go diaḋanta agus go dúṫraċtaċ ar bórd na Brídeóige, iad ceann-noċt cos-noċt tárr-noċt agus an ġrian ṁór ḃuiḋe ag sgallaḋ anuas orṫa! Na sean seólta ag tuitim ó ċéile le triomaċt, an cócaire ċaill a ṡrón n-a sagart orṫa, agus do ṁáṫair.... Ḃíos féin mo ṡeasaṁ le crann mór na luinge agus ṗléasgas ag gáiriḋ, aċt ní túisge ṗléasg ná ḃíodar uile go léir ’mo ṁullaċ agus níor ṁoṫuiġeas a ṫuilleaḋ go raḃas ceangailte cruaiḋ ar urlár na Brídeóige agus daṁsa na ḃfear n-allta ġá ḋéanaṁ ag an ḃfuirinn ṁallaiġṫe mo ṫimċeall, agus sgian i láiṁ gaċ fir díoḃ le mo ġearraḋ ’mo ḃeaṫa....”

“‘Ná marḃuiġtear é,’” arsa do ṁáṫair go huġdar- ásaċ borb.

“D’ḟéaċas n-a treó agus is beag nar ċailleas raḋarc na súl. Ḃí sí n-a seasaṁ annsin ós ár gcoṁair, seanċulaiṫ leis an gcaiptín uirṫi agus piostal n-a glaic. Ṡileas i dtosaċ gurab é an Caiptín féin d’eiriġ ó ṁarḃaiḃ. Ní raiḃ eagla orm roiṁ ḟear beó ariaṁ, aċt na mairḃ.... Is dóċa go dtáinig an t-uaṫḃas céadna ar an muinntir eile. Ḃíodar annsin ag féaċaint uirṫi ar nós sgata caoraċ sgannróċaiḋe. Níor ḟan aon ṁisneaċ aċt ag Bel. Ṡil seisean breiṫ uirṫi, aċt ní túisge ċorraiġ sé ná ḃain sí an tsúil ġloine ḃí aici as a ceann agus ḃuail sí i gceart-lár an éadain é, leis an tsúil ġloinne! Ṫáinig criṫ-eagla ar a raiḃ sa láṫair nuair ċonnaiceadar an poll mór ḃí n-a ceann i ndiaiḋ na súile gloine!”

“Ni raiḃ aon tsúil ġloine aici,” arsa Máire Ḃán.

“Ḃí,” arsa Satan an ċreasa, “agus mar crúṫuġaḋ ar an sgéal tasbáinfiḋ mé ḋuit í. Féaċ.”

Ċuir sé súil ġloine a máṫar isteaċ i láiṁ Ṁáire. [ 87 ]Ṫosaiġ an cailín beag ag sileaḋ na ndeór. Ṫriomaiġ Satan a súile le n-a ḃois ġairḃ.

“A ṁáṫair! a ṁáṫair! cá ḃfuil tú anois?” arsa Ṁáire.

“Bioḋ foiġid agat agus innseoċad sin duit,” arsa Satan, “aċt taḃair deoċ eile ḋom i dtosaċ.”

Ṫug. Lean Satan dá sgéal:—

“Leagaḋ Bel boċt leis an tsúil gloine mar duḃraḋ, má duḃraḋ, agus munar duḃraḋ féin is fíor, agus nuair a leagaḋ é duḃairt do ṁáṫair de ġuṫ ṁór fearḋa:”

“‘Is mise an ċaiptín feasta.’”

“Nior ċuir neaċ n-a coinne. Níl ḟios a’m ar ariġ- eadar an ġaoiṫ ag eirge agus fionnḟuaraċt ag teaċt san aér”

“‘A ġiolla,’ ar sí leis an ngiolla beag ‘sgar amaċ na séolta tara ar urlár na luinge go ḃfáiġmid uisge le n-ól.’”

“Rinneaḋ aṁlaiḋ.”

“Ṫuit cúpla braon uisge de’n ṁúr beag báistiġe ḃí ag tuitim anuas go leisgeaṁail isteaċ sna séoltaib.

“‘A ċócaire,’” ar sise, “‘gléas biaḋ ḋúinn.’”

“D’ḟéaċ a raiḃ ann uirṫi agus alltaċt orṫa. Is eól duit féin, dá óige ṫú, go n-eiriġeann sgolanna móra de ċineál éisg aníos as an ḃfairrge agus go mbíonn siad ag eiteall ṫríd an aér ṫar éis aimsire na triomaċta sna réagúin teó. Níor ċuiṁniġ an ḟuireann air sin, agus nuar ċonnaiceadar cúpla iasg ag tuitim ar urlár na Brídeóige ṡíleadar gur draoiḋeaċt ḃí ag an mnaoi agus ba ṁór é a n-ómós di.

“‘A Ṡatan,’” ar sise, “‘sín ċugam do ċrios.’”

“B’éigin dom sgaraḋ le mo ċrios iongantaċ sul a marḃoċaiḋe mé.

“Annsin ṫáinig bolg ar gaċ seól ḃí ar na caolċran- naiḃ, ṫáinig braonaċa breáġṫa beannaiġṫe báistiġe anuas as spéirṫiḃ neiṁe gur fliuċaḋ gaċ teanga te, gur báiṫeaḋ gaċ brón, gur ṫóg gaċ fear de ḟuirinn na Brídeóige aon ġáir aitis agus molta, agus ní creidṫeá [ 88 ]é aċt is ag molaḋ do ṁáṫar ḃíodar uile. Agus do ġluais an Ḃrídeóg ḃreáġ ṫríd na tonntaiḃ aoiḃne agus caiptín nuaḋ uirṫi, agus mar ar ḃain an caiptín sin obair as cnáṁaiḃ na fuirne agus as mo ċnáṁaiḃ féin ní mise an Satan a ċaill an crios iongantac.”