Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/94

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

86

“Ċuir fear eile coṁarṫa na Croise ar a ḃéal, agus b’ ṡingníoṁ nár facṫas ar bórd na Brídeóige le tamall maiṫ. Ḃi criṫ-eagla ar ċáċ. Ċuaiḋ beirt ar a nglúnaiḃ, agus beirt eile. I gceann cúig noiméad, ċeapṫá gur istiġ i dteaċ pobuil ḃeaḋṫá nuair ċluinṫeá an dá ’réag beiṫeaṁnaċ sin ag ráḋ an ṗáidrín go diaḋanta agus go dúṫraċtaċ ar bórd na Brídeóige, iad ceann-noċt cos-noċt tárr-noċt agus an ġrian ṁór ḃuiḋe ag sgallaḋ anuas orṫa! Na sean seólta ag tuitim ó ċéile le triomaċt, an cócaire ċaill a ṡrón n-a sagart orṫa, agus do ṁáṫair.... Ḃíos féin mo ṡeasaṁ le crann mór na luinge agus ṗléasgas ag gáiriḋ, aċt ní túisge ṗléasg ná ḃíodar uile go léir ’mo ṁullaċ agus níor ṁoṫuiġeas a ṫuilleaḋ go raḃas ceangailte cruaiḋ ar urlár na Brídeóige agus daṁsa na ḃfear n-allta ġá ḋéanaṁ ag an ḃfuirinn ṁallaiġṫe mo ṫimċeall, agus sgian i láiṁ gaċ fir díoḃ le mo ġearraḋ ’mo ḃeaṫa....”

“‘Ná marḃuiġtear é,’” arsa do ṁáṫair go huġdar- ásaċ borb.

“D’ḟéaċas n-a treó agus is beag nar ċailleas raḋarc na súl. Ḃí sí n-a seasaṁ annsin ós ár gcoṁair, seanċulaiṫ leis an gcaiptín uirṫi agus piostal n-a glaic. Ṡileas i dtosaċ gurab é an Caiptín féin d’eiriġ ó ṁarḃaiḃ. Ní raiḃ eagla orm roiṁ ḟear beó ariaṁ, aċt na mairḃ.... Is dóċa go dtáinig an t-uaṫḃas céadna ar an muinntir eile. Ḃíodar annsin ag féaċaint uirṫi ar nós sgata caoraċ sgannróċaiḋe. Níor ḟan aon ṁisneaċ aċt ag Bel. Ṡil seisean breiṫ uirṫi, aċt ní túisge ċorraiġ sé ná ḃain sí an tsúil ġloine ḃí aici as a ceann agus ḃuail sí i gceart-lár an éadain é, leis an tsúil ġloinne! Ṫáinig criṫ-eagla ar a raiḃ sa láṫair nuair ċonnaiceadar an poll mór ḃí n-a ceann i ndiaiḋ na súile gloine!”

“Ni raiḃ aon tsúil ġloine aici,” arsa Máire Ḃán.

“Ḃí,” arsa Satan an ċreasa, “agus mar crúṫuġaḋ ar an sgéal tasbáinfiḋ mé ḋuit í. Féaċ.”

Ċuir sé súil ġloine a máṫar isteaċ i láiṁ Ṁáire.