Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

88

é aċt is ag molaḋ do ṁáṫar ḃíodar uile. Agus do ġluais an Ḃrídeóg ḃreáġ ṫríd na tonntaiḃ aoiḃne agus caiptín nuaḋ uirṫi, agus mar ar ḃain an caiptín sin obair as cnáṁaiḃ na fuirne agus as mo ċnáṁaiḃ féin ní mise an Satan a ċaill an crios iongantac.”


XXXVIII.

Lean Satan dá sgéal:—

“Ḃí caiptín nuaḋ againn mar duḃras agus ba ḋóiġ linn go mbeaḋ fonn ar an gcaiptín sin filleaḋ aḃaile. Ní raiḃ. Ní raiḃ uaiṫi, ní raiḃ ó’n ḃan-ċaiptín aċt a clann ḟáġáil, agus ċaiṫeamar na bliaḋanta fada ó ṡoin ar ḃur lorg agus gan de ċéird againn aċt ag taisdeal na dtíorṫa allta ar lorg na mbeiṫiḋeaċ fiaḋáin agus ġá ndíol. Ní raiḃ fear d’ḟuirinn na Brídeóige naċ mbíoḋ ag guiḋe Dé go n-eireóċaḋ linn siḃse ḟáġáil. mar ḃí ḟios aca naċ ḃfeicfidís a dtír ḋúṫċais go deó go ḃfuiġfiḋe siḃ. Aċt níor ṫaiṫniġ an obair sin liomsa. Ċuireas uisge-faoi-ṫalaṁ ar bun. Ṡileas caiptíneaċt na Brídeóige ḃaint de do ṁáṫair. Ḃí droċ obair ann aċt níor eiriġ liom. Dá n-eiriġeaḋ ní annseo ḃéinn anois....”

Leig an beiṫe-ṁnaċ boċt osna as, agus ṫug Máire Ḃán deoċ eile uisge ḋó.

“Níor ḃain sí an ceann díom mar ḃí tuillte agam,” ar Satan, “aċt ċuir sí isteaċ i mbád beag mé gan biaḋ gan deoċ aċt gan aon ċrúisgín aṁáin uisge. Ċeapas go raiḃ mo ré ṫart nuair ċonnaiceas an Ḃrídeóg ag dul ó léargus orm. Ṫuit an oiḋċe. Ḃíos liom féin—ċaiṫ tú féin oiḋċe ar an ḃfairrge leat féin a ċailín....” naċ Máire atá ort?”

“Seaḋ,” arsa Máire.

“A Ṁáire,” ar seisean agus leag sé láṁ go cineálta ar a ceann, a Ṁáire, ar seisean, “ċeapas go raiḃ mo ċiall agus mo ṁeaḃair ag imṫeaċt uaim nuair ċonn-