Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/97

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

89

aiceas na lasraċa fada dearga ag eirġe aníos as an ḃfairrge. A leiṫéid de ḋaṫanna ní ḟaca tú ariaṁ....

“Ċonnaic,” arsa Máire, “Ċonnaiceas na lasraċa céadna. An Burla ba ċionntaċ leis. Ċuir sé an ḟoraois trí ṫeiniḋ....”

“Ṫáiníg taom beag orm, agus ar ḋúiseaċ ḋom ar maidin céard d’ḟeicfinn aċt an Ḃrídeog soir uaim ag bun na spéire agur í ag déanaṁ ar an tír ḃí trí ṫeiniḋ....

“Agus cá ḃfios doṁ naċ ḃfuil mo ṁáṫair ṁúirneaċ annseo anois féin.”

“Ní ḋéanfainn iongantas de dá mbeaḋ.... aċt taḃair deoċ dom, táim ag fáġail ḃáis leis an tart.”

Ḃí droċ-ċosaṁlaċt ag teaċt air, cinéal fiaḃrais ḃí ag teaċt ais de bárr ar ḟulaing sé. Ḃí truaiġ ag an gcailín beag ḋó, don ḃeiṫeaṁnaċ sin ba cinntaċ le bás a haṫar aċt ní raiḃ an leiġeas i ndán dó ar an saoġal seo. Ċuiṁniġ sí annsin ar ṗaidreaċaiḃ d’ḟoġ luim sí ó na mná riaġalta i nGailliṁ agus ṫosuiġ uirṫi ġá ráḋ go duṫraċtaċ, agus an beiṫeaṁnaċ boċt ḃí ag fáġáil ḃáis ġá ráḋ n-a diaiḋ ċoṁ maiṫ is ḃí ann. Ag dul i laige ḃí a ġlór siúd, Ag dul i dtréise ḃí glór Ṁáire Ḃáin, agus an ḃeirt aca ar a ndíċeall ag paidreóireaċt. Ṫuit an oiḋċe. Leig an beiṫeaṁnaċ osna lag as. Ḃí an Bás ag folluṁain ós cionn an ṗuill....

Is annsin ċuiṁniġ an cailín beag go mb’ ḟéidir nár baistiġeaḋ an beiṫeaṁnaċ, Duḃ irt seisean nár ċuala sé ariaṁ gur baistiġeaḋ, agus níor ċuala nár bais- tiġeaḋ. Ḃí roinnt uisge sa gcupóig fós ag Máire agus ṫug sí baiste urláir ḋó. Annsin do ḋún sé a ḋá ṡúil leig osna eile as, agus d’éalaiġ an t-anam uaiḋ....

Ċaoin Máire é, aċt níorḃ ḟada ḋi ġá ċaoineaḋ nuair a sí an sgréaċġail agus an tormán ċuici. D’eiriġ cuaiḋ go béal an ṗuill, agus ċonnaic sí beiṫiḋiġ