Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

90

allta na foraoise ag imṫeaċt ṫairsti n-a cosnáirde agus uaṁan orra. Ḃí an lá ann faoi seo agus ċonnaic sí mar ḃeaḋ sneaċta donn ar an maċaire ar an taoḃ ṫall de’n aḃainn. Ní sneaċta ḃí ann ar ċor ar biṫ ar ndóiġ aċt na milliúm milliún seangán mór donn agus iad ag gluaiseaċt rómpa ṫar an maċaire agus ag iṫe gaċ ḃí rómpa sa mbealaċ. Níor ḟágadar crann ná sgeaċ gan lomaḋ, agus an t-ainṁiḋe boċt ar eiriġ leó ṫeaċt air agus é n-a ċodlaḋ níor ḟágadar a ċnáṁa féin n-a ndiaiḃ gan iṫe.

Ṫáiniceadar go dtí an aḃainn. Ṡíl Ṁáire go gcuir- feaḋ an t-uisge cosg leó. Níor ċuir. Ní ḋeárnadar aċt droiċead beó ḋéanaṁ díoḃ féin agus anonn leó. Má báiṫeaḋ na mílte milliún díoḃ. d’eiriġ leis na sluaiġte eile ḋul anonn ós cionn a gcorp agus a gcuid duḃán fada i ḃfastóḋ n-a ċéile ionnós naċ sguabfaiḋe leis an sruṫ iad....

Ṫáinig uaṫḃás ar Ṁáire nuair ċonnaic sí na sluaiġte niṁneaċ seo ag déanaṁ uirṫi, agus d’éaluiġ leiṫi ar nós na n-ainṁiḋe eile agus í ag ceapaḋ go mba ḃreáġ an rud é go raiḃ an dé imṫiġte ó Satan sul ar ṫáinic na feiṫidí niṁneaċa seo air. Is beag an méid feóla dḟagaḋ ar ċnaṁaiḃ an ḃeiṫeaṁnaiġ!


∗             ∗

Ḃí tuitim na h-oiḋċe ann nuair ṡroiċ sí an ṗlásóg atá i ḃfogus do ṗluais na leoṁan. Ḃí an seanleoṁan n-a ċodlaḋ ag béal na pluaise agus crúb leis timċeall ar an mBúrla. Ḃí áṫas an doṁain uirṫi go raiḃ a dearḃraṫair ar fáġail arís, agus ḃí sí ar tí é féin, agus an leoṁan a ḋúiseaċt nuair ċonnaic sí duine ag teaċt amaċ o’n gcoill agus ag ionnsaiġe an tsean- leoṁain le guna. Is dóċa naċ raiḃ aon urċar ag an duine fíoċmar seo san nguna, mar séard ḃí faoi ḋéanaṁ ceann an leoṁain a sgoilteaḋ le stoc an ġuna. Leig Máire béic; dúisiġeaḋ an leoṁan; ṫóg sé a ċeann, agus níor bualaḋ é.