Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

91

Annsin ḃí an ċoraiḋeaċt ann. Ṫug an leoṁan foġa faoi an té ṡíl é ṁarḃaḋ, agus bíoḋ ’s go raiḃ sé gan gléas troda, gan fiacail gan iongain gan súil, d’eireó- ċaḋ leis an té d’ionnsaiġ é a ċlaoiḋ maraċ go dtáinig triúr nó ceaṫrar eile agus eangaċa teanna aca, agus ċaiṫeadar na líonta seo n-a ṫimċeall gur fágaḋ an seanleoṁan sínte ar an talaṁ agus é i ḃfastóḋ sna líontaiḃ....

Deaideó boċt! Ba truaiġ é a ċás!

Aċt is goire caḃair Dé ná an doras. Ḃí an sean leoṁan n-a ṗríosúnaċ aċt is ag cáirde ḃí sé n-a ṗríosúnaċ. Bean an Ċaiptín agus culaiṫ fir uirṫi d’ionnsaiġe an leoṁan! agus cé ṫiocfaḋ de ċaḃair uirṫi aċt fuireann na Brídeóige!

Bí an-oiḋċe aca i bpluais na leoṁan, ag Máire Ḃáin agus ag an mBúrla agus ag a máṫair agus ag a gcáirde uile, idir fear agus leoṁan, agus ar maidin le eirġe na gréine ċuadar go dtí an Ḃrídeog, ṫógadar na séolta móra bána uirṫi, agus ṫogadar na seólta beaga duḃa uirṫi, ṫugadar a haġaiḋ ar muir agus a deireaḋ ar tír agus níor airiġeadar an bealaċ go raḃadar istiġ i gcuan aoiḃinn áluinn na Gailliṁe.


AN CEANGAL

Níl mórán eile le ráḋ agam aċt gur ċeannaiġ bean an Ċaiptín Ṁongaiġ teaċ maiṫ agus céad acra talṁar i n-aice an ḃaile ṁóir, aċt b’éigin di géilleaḋ do ḃéasaiḃ na Gailliṁe agus culaiṫ mná a ċaiṫeaḋ arís. Níor ṫaiṫniġ an feisteas sin léiṫi agus na bliaḋanta ċaiṫ sí n-a fear ar bórd na Brídeóige, agus ġaḃaḋ mí-ṡastaċt í go minic agus d’imṫiġeaḋ sí léiṫi ar fud na tíre. Ní raiḃ a ḟios cá gcaiṫeaḋ sí an aimsir nuair d’imṫiġeaḋ sí mar sin, aċt is minic ḃíoḋ sí ḋá ráiṫe ó ḃaile gan tásg gan tuairisg uirṫi. Tá sí curṫa san