Tír na n-Iongantas/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXXIV
[ 78 ]

XXXIV.

D’imṫiġ Máire Ḃán léiṫi i ngan ḟios do’n ċuideaċ- tain le linn na hoibre seo. Ḃí sgáṫ a hanama uirṫi roiṁ ċlannaiḃ na n-eite agus na ngob, agus ġaḃ sí na [ 79 ]bealaiġ b’aċrannaiġe agus b’aiṁréiḋe dá raiḃ ann ionnus naċ gcasfaiḋe neaċ díoḃ léiṫi.

Ḃí sé ’n-a oiḋċe agus ḃí an ḟoraois an-dorċa an- duaiḃseaċ, agus ní raiḃ a ḟios aici cá raiḃ sí ag dul. Ní raiḃ de ṡolus ann aċt an solus ḃí le faġáil ó na crúiṁ soillseaċa ḃí go flúirseaċ i mballaiḃ áiṫride san gcoill. Ḃailiġ an ġirrseaċ a lán díoḃ siúd, agus ṫug leabaiḋ agus áit ċodalta ḋóiḃ n-a tiuġḟolt duḃ cas go raiḃ gaeṫe geala soluis uaiṫi agus í ag imṫeaċt go haicliḋe faoi na géagaiḃ. B’aoiḃinn ḃeiṫ ag dearcaḋ ar an gcailín beag a raiḃ an ċulaiḋ ċlúṁ-éan agus bláṫ uirṫi, agus na cruiṁ lóċrannaċa seo ḃailiġ sí ag taḃairt soluis ḋi!

Aċt mo ḃrón! Ní raiḃ duine ann le lán na súl ḃaint aisti! Agus ċoṁ ciúin tostaċ is ḃí an ḟoraois ṁór! Na héanlaiṫ oiḋċe a ċleaċtaiġ an áit ní raiḃ gíog uaṫa. Ag féis na n-éanlaiṫ ḃíodar ar ndóiġ.

Ċuala sí an traḋna aon uair aṁáin agus a ṗort aisteaċ féin uaiḋ, agus ṡíl sí go raiḃ sluaiġte an aéir ar a lorg, aċt ċuiṁniġ sí gur éan a díbriġeaḋ ó’n gcoṁḋáil mar ġeall air ḃeiṫ ró-ċeanaṁail ar ṫíorṫaiḃ iasaċta ḃí san traḋna, agus ġlac sí misneaċ arís.

Is iomḋa contaḃairt ḃí san tsliġe roimpi, aċt ċeap- faiḋe uirṫi naċ raiḃ ḟios aici sin. Ḋúisiġ sí naṫair ḃí ós coinn fiċe troiġ ar a ḟad agus toirt duine ann. Níor ṫaiṫniġ leis gur dúisiġeaḋ é ba ċosaṁail, mar rug sé ar an gcrann ba neasa ḋó le n-a iarball, ṫóg sé a ċeann i n-aér agus ḃí ar tí breiṫ uirṫi agus an t-anam ḟáisgeaḋ aisdi ar an mball. Dá ḃfeiceaḋ Máire oilṗéist na súl mbeag niṁneaċ is baoġalaċ go ḃfuiġfeaḋ sí bás leis an uaṁan; aċt ní ḟaca. Agus ar an noiméad ḃí an naṫair ar tí é ḟéin ċasaḋ timċeall uirṫi, ṫosaiġ sí ar ṗort aoiḃinn a ġaḃail. Is dóċa gur ċuir an ceól draoiḋeaċt ar an oilṗéist; ar ċaoi ar biṫ sgaoil sé an grein ḃí aici san gcrann agus snáṁaiġ leis faoi’n duilleaḃair feósaiḋe.

Ṫar éis sin ċuaiḋ Máire Ḃán isteaċ i n-áit a raiḃ coṁnaiḋe ar lear mór siogán agus ċuir cuid díoḃ na [ 80 ]duḃáin ġéara ḃí aca isteaċ n-a cuid feóla. Is beag nár ċuir na feiṫidí beaga buile uirṫi agus ḃain sí as ċoṁ tapaiḋ is ḃí n-a cosaiḃ gur ṡroiċ sí aḃa ṁór ḃí san gcoṁarsanaċt agus isteaċ léiṫi san aḃainn leis na feiṫidiḃ urċóideaċa ḃí i ngreim innti a ḃáṫaḋ. Ḃí sí ċoṁ cráiḋte sin ag na siogáin nár ċuiṁniġ sí go raiḃ aon ċontaḃairt san aḃainn. Níor ċuir an crogall féin aon imniḋe uirṫi.

Níor báiṫeaḋ na cruiṁ ḃí ag taḃairt an tsoluis ḋi, má ċuaiḋ sí isteaċ san uisge féin agus níorḃ ḟada an t-aċar gur ṫosaiġ sí ag snáṁ agus ag déanaṁ aoiḃnis ḋi féin san uisge. Ba ró-ḃeag an ṁoill uirṫi aṁrán maiṫ a ċroċaḋ suas, agus ṫáinig na hainṁiḋṫe allta a ċoṁnaiḋe i n-aice na háte as gaċ uaċais agus uaiṁ agus poll n-a raḃadar ar ċlos an ċeóil dóiḃ. D’ḟeic- fiḋe ar an mbruaċ iad, idir beag agus mór agus iad ag sgrogaḋ a muineál le n-a clos níos feárr. Níor ċualadar ceól daonna ariaṁ ċeana agus ṫaiṫniġ sé go mór leó.

Uisge gealáin ḃí san aḃainn seo, aċt ċeapṫá gur aḃainn duḃaiġ ḃí innti go ġcorruiġtí an t-uisge. Dá dtumtaoi maide ann, d’ḟeicfiḋe braonaċa breáġa solusṁar ag sileaḋ ó ċeann an ṁaide. Agus san áit a ḃíoḋ Máire Ḃán ag snáṁ ḃíoḋ cearcal airgid le feiceáil agus ceann duḃ na girrsiġe n-a lár. Ṡílṫeá go mba sgiaṫ airgid ġil ḃí ag snáṁ ar ḃáis an uisge ḋorċa agus ceann duḃ dílis ceólṁar n-a lár istiġ.

Nuair ḃí sí tuirseaċ de’n snáṁ agus de’n aṁrán- aiḋeaċt ṫáinig sí go bruaċ agus ṫosaiġ ag riṫeaċt ar an mbruaċ leis an gculaiṫ áluinn ḃí uirṫi a ṫriomuġaḋ. Ba ċosaṁail le baindia aiḃne í, ag riṫeaċt agus ag léimniġ ar an mbán agus an t-uisge airgeadaċ ag sgéiṫeaḋ uaiṫi ar gaċ taoḃ!

Aċt d’eiriġ sí brónaċ gan mórán aċair. Ṫáinig aiṫṁéala uirṫi go ndeárna sí dearmad ar an mBúrla boċt, agus ṫosaiġ sí ag glaoḋaċ air i n-árd a goṫa.

“A Ḃúrla ḃig ḃídiġ, a ṗeata mo ċroiḋe. Tú imṫiġṫe ar fuaidreaṁ sa ḃforaois ḋuaiḃriġ,” deireaḋ sí. Agus [ 81 ]ba cosaṁail gur ṫaiṫniġ a glór féin léiṫi mar is iomḋa uair duḃairt sí é i riṫ na hoiḋċe.

Sa deireaḋ leig sí uirṫi féin, ar nós páisde, go raiḃ sí ag cainnt le n-a dearḃraṫair, go gcuala sí a ġlór i ḃfaḋ uaiṫi, agus ós páisde ḃí innti ċaiṫ sí leaṫuair ḃeag n-a ḟoċair aċt ní i ḃforaois na leoṁan ḃíodar ar ċor ar biṫ aċt i dteaċ a n-aṫar i n-aice le baile mór na Gailliṁe....

Nuair naċ raiḃ sé ann i ndá ríriḃ, d’eiriġ an cailín beag agus duḃairt:

“A Ḃúrla! A Ḃúrla!”

Baineaḋ geit aisti. Ċuala sí rud éigin ag taḃairt freagra uirṫi i n-aici léiṫi.

Ġlaoḋ sí arís ar an dearḃraṫair.

Tugaḋ freagra uirṫi. Ḃí sí cinnte ḋí. Ní mugaḋ- magaḋ ḃí ann anois. Ċuala sí an glór ba ḃrónaiġe dar ċluineaḋ ariaṁ in gar di. Ní glór ainṁiḋe ḃí ann aċt glór duine. Ḃí ḟios aici sin go maiṫ mar d’aiṫ- neóċaḋ sí glór aon ainṁiḋe dá raiḃ san ḃforaois.

Glaoḋ sí arís.

“A Ḃúrla! A Ḃúrla! ar sise ċoṁ hárd is ḃí innti.

Ċuala sí an glór, an glór lag brónaċ daonna i n-aice léiṫi arís. Ṫosaiġ sí ag glaoḋaċ agus ag cuartuġaḋ, ag cuartuġaḋ agus ag glaoḋaċ go raiḃ sí i ndeireaḋ a hanama, aċt ó ḃí an ċoill an-ḋorċa ní raiḃ aon toraḋ le n-a saoṫar, Ag dul i laige ḃí an glór ṡíl sí, agus is minic ḃíoḋ sí ar feaḋ leaṫuaire gan an glór lag a ċlos ar ċor ar biṫ. Ḃíoḋ sí ag ceapaḋ ar feaḋ na leaṫuaire sin go mb’é an ċaoi go dtáiniġ an bás ar an té ar leis an glór, aċt nuair ċluineaḋ sí arís é, ṫiocfaḋ aiteas agus aoiḃneas uirṫi agus ṫosaiġ- eaḋ sí ar an tóir arís. Náċ í ḃí ag súil leis an maidneaċan! Naċ í ḃí go cráiḋte naċ raiḃ sé n-a lá!

Aċt ṫáinig an lá faoi ḋeireaḋ, agus ṫáinig sé go tobann mar is gnáṫaċ sna tíorṫa teó sin.

I n-aice le béal na haiḃne ḃí sí agus an ḟairrge ós a coṁair amaċ.

Leig sí a seanḃéic aisti. Tugaḋ freagra uirṫi. [ 82 ]Rinne sí ar an áit go beó, agus ṡíos uaiti i bpoll doiṁin ċonnaic sí fear n-a luiġe ar ċnáṁ a ḋroma ag cneadġail agus ag osnġail.

Níor ċreid sí a ḋá súil. Ḃí léine ḋearg air agus caipín gorm cúinneaċ ar a ċeann. Agus na cosa móra cama cnapaċa ḃí air! Agus an fiarṡúil! Agus an croiméal fada duḃ ḃí ag tuitim anuas ṫar a ḃéal mar crann sailiġe ós cionn sroṫa! Agus an fáinne ḃí n-a leaṫċluais! Agus an crios iongantaċ! Aċt cá raiḃ na sgeana, agus na piostail, agus na sleaġṫa iolċumṫa ḃíoḋ agat san gcrios iongantaċ sin nuair ḃíṫeá ar bórd na Brídeóige faoi ċúram an Ċaiptín Ṁongaíġ? Cá raḃadar uait, a Ṡatan an ṁí-áḋ?