Tír na n-Iongantas/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
II
[ 3 ]

II.

Ḃí an Caiptín agus a ḃean n-a suiḋe le ċeile cois na teine oiḋċe. Ḃí sé le n-imṫeaċt ar a trí a ċlog la ar na ḃáraċ. Ḃí na císdí mine ċoirce iṫte aige, agus an bainne gaḃair a raiḃ an braoinín rum ṫríd, ólta aige— ba ċóir ḋom a ráḋ anseo go mba ġnaṫaċ leis blogam maiṫ rum láidir a ċur sa mbainne gabair, aċt naċ [ 4 ]mbacfaḋ sé le n-a ċur ann go dtí go mbíoḋ na císdí mine coirce iṫte aige—ḃí braoinín beag eile de’n rum sa mbainne gaḃair, ḃí a ṗíopa idir a ċuid fiacal, agus ó ḃi Máire Ḃán agus an Búrla ’n-a gcodlaḋ ní raiḃ aon duine le cur isteaċ ar an trean-lanaṁain.

Sgaoil an Caiptín gal breáġ gorm i n-áirde uaiḋ. D’ól sé blogam. Ṫáinig cosaṁlaċt an tsuaiṁnis air. D’ḟéaċ a ḃean air.

“Is fada mé ag ceapaḋ,” ar sise, “go mba ṁór an gar ḋuit dá mbéaḋ bean a d’ḟéadfaḋ císdí deasa mine coirce ḋéanaṁ ḋuit; ar bórd na luinge agat; nó deoċ ṁaiṫ a ullaṁaḋ ḋuit; nó do léine a niġeaċán ḋuit— ní ċreidṫeá aċt an ḃail a ḃí ar do ċuid giobail ar a ṫeaċt aḃaile ḋuit an turas seo....”

Sgaoil an Caiptín gal eile i n-áirde uaiḋ.

“Cuir braon eile bainne gaḃair sa ngloine,” ar seisean ag cur isteaċ uirṫi, “ċuireas an iomarca do’n rum ann.”

Ḃí stoirm ṁór ann an oiḋċe ċéadna. Ṡílṫeá go raiḃ duine éigin ag bualaḋ na fuinneóige le méaraiḃ cruaḋa. Ní raiḃ Géaga loma an ċrainn fuinnseóige a ḃí ag fás le taoḃ an tiġe a ḃí ag déanaṁ an torainn.

“Is uaṫḃásaċ an oiḋċe í go saḃáiliḋ Dia sinn,” ars’ an ḃean agus í ag cur bainne gaḃair sa ngloine, “is minic mé faoi ċráḋ oiḋċe mar í seo agus tusa i gcontaḃairt do ḃáiṫ’ sna Fairrígiḃ Reóite, nó i gco- taḃairt do ṁarḃṫa an oileán allta éigin ar imeall an doṁain....”

“Líon an píopa ḋom,” ar seisean.

Do líon.

“Agus séard a ḃím a ceapaḋ,” ar sise, “go ḃféad- fainn-se mórán caḃraċ a ṫaḃairt duit agus tú n-a easpa, go bféadfainn do ċuid éadaiġ a ċóruġaḋ ḋuit go ḃféadfainn....”

Dearc sí air Ḃí a ċeann mór mongaċ leigṫe siar ar ḋruim na caṫaoireaċ aige, ḃí a ḋá ṡúil dúnta aige, ḃí a ḋá ċois i n-áirde aige ar an matal. Níor ċuir sise isteaċ ar a ċuid smaointe, má’s ag smaoineaḋ a [ 5 ]ḃí sé, mar ċeap sí go mb’ḟéidir go raiḃ faoi géilleaḋ ḋi.

D’osgail sé a ḃéal faoi ḋeire. Ḋún sé arís é go raiḃ an tsrón agus an smig buailte ar a ċéile mórán. Sgar an smig agus an béal ó n-a ċéile beagán,—dá mbeaḋ ordóg ḃeag ort d’ḟeadṫá í ṡáiṫ’ isteaċ eatorra —annsin ṫosaiġ an Caiptín Mongaċ a srannaḋ!

“Tá sé i n-am agat a ḋul a ċodlaḋ,” ars’ a ḃean.

“Ceapaim gur fíor ḋuit é,” ar seisean, agus ċuaiḋ.

Aċt ḃí a ḃean i n-ann an ċluain a ċur ar an gCaiptín Mongaċ aon lá dá n-eiriġeaḋ sí. I ngan ḟios dó’n tsaoġal déantar na gníoṁṫara is mó, deireaḋ sí go minic, agus is i ngan ḟios ḋó-san ċuireaḋ sí an ċluain air.

Ar maidin lá ’r n-a ḃáraċ d’eiriġ sí ar a hoċt a ċlog. Ḋúisiġ sí Máire Ḃán agus an Búrla. Do niġ agus do ġléas sí iad, ṡáiṫ leaṫ ċisde mine coirce i láiṁ gaċ duine aca agus duḃairt leó siuḃal.

Ḃí coisiḋeaċt iongantaċ ag mnaoi an Ċaiptín Ṁongaiġ. Ḃí sí árd agus cosa caola fada fuiṫe, agus naċ í ḃí i n-ann na coisméaga ṫaḃairt! Is minic duḃairt m’aṫair liom go mbíoḋ buaċaillí an ḃaile ag toṁais luirg a cos sa mbóṫar ḟliuċ, agus ní raiḃ aon duine orṫa, aċt é féin aṁáin, a ḃí i n-ann truslóg a ṫaḃairt ċoṁ fada le coismeag leiṫi-se! Ṡilṫeá uirṫi agus í ag siuḃal, go raiḃ báisdeaċ ṁór air agus go raiḃ socraiġṫe aici ḃeiṫ ar an ḃfosga sul a dtiocfaḋ sé.

Ḃí an ṁaidin seo roinnt fuar. Rinne sé sioc san oiḋċe, agus ḃí fuaċt maiṫ san aer. An láṁ a ḃí i ngreim san gcísde ṁine ċoirce ag Séan Óg, ag an mBúrla, ḃí sí ar ḋaṫ pluma ṁaiṫ ṁór aipiḋ. An láṁ eile leis a ḃí i ngreim i mbeinn de ṡean-dolman duḃ- uaiṫne a ṁáṫar, ní raiḃ sí ċoṁ dona aċt is beag naċ raiḃ. Ḃí air deiċ gcoisméag a ṫaḃairt i n-aġaiḋ gaċ coisméige leiṫe-se, agus ċoinniġ sin roinnt teasa ann. Ag riṫeaċt i mbárr a anma ḃí an Búrla boċt!

Ní raiḃ an sgéal ċoṁ dona sin, ná a leaṫ, ag Máire Ḃáin. Ní raiḃ ar Ṁáire aċt naoi gcoisméag a ṫaḃairt [ 6 ]i n-aġaiḋ cúig cinn a ḃeireaḋ a ṁáṫair. Tuigfear ó’n méid sin cé’n aois a ḃí ag Máire agus cé’n aois a ḃí ag an mBúrla. Tuigfear go soiléir naċ raiḃ Máire ṫar seaċt mḃliaḋna go leiṫ, agus naċ raiḃ an Búrla aċt cúig bliaḋna. An créatúir boċt! Agus gan fios aige fáṫ a ṫurais!

Cé’n ċaói a mbeaḋ ḟios aige nuair nár osgail a ṁáṫair a béal ariaṁ tráṫ a mbíoḋ an fuadar seo fúiṫe. Ḃí a ḋá béal dúnta ar a ċéile aici ag gaḃail soir Bóṫar na Trága ḋóiḃ. Ḃí a ḋá ḃéal greamaiġṫe ar a ċéile ag dul ṫar droiċead an Ċladaiġ ḋóiḃ, Siúd treasna Margaḋ an Éisg iad, agus suas Sraid na Céiḃe, agus suas An tSráid Árd, agus níor ḃain iaḃ ḋóiḃ go raḃadar ag Cearnóig na Caṫraċ, agus dlaoi dá ruaḋ- ḟolt agus ḋá ḃeinn dé’n tseandolman agus ribíní a boinéid ag imṫeaċt le gaoiṫ.

Buail clog na Caṫraċ an deiċ

Ní raiḃ puṫ fágṫa san mBúrla nuair ċuaiḋ an triúr isteaċ i siópa ṁór éadaiġ, agus leis an sgéal a ḋéanaṁ níos seaċt measa ḃí a ċuid aráin caillte aige agus gan aċt ḋá ġreim bainte aige as! Ċeap an Búrla boċt naċ raiḃ aċt eagcóir sa saoġal maiṫ seo nuair a fuair sé leadóg faoi’n gcluais nuair a ṡil sé píosa a sgiobaḋ o n-a ḋearḃsúir!

“Ba ṁian liom,” arsa bean an Ċaiptín Ṁongaiġ leis an mbuaċaill siopa, “ba ṁian liom na gasúir sin a ḟeistiuġaḋ go maiṫ, agus teastuiġeann éadaiġ uaim féin mar an gcéadna.”

Ċeistniġ an ḃuaċaill siopa í.

“Ḋá ḟeisteas atá uaim do’n ġasúr, agus ḋá ḟeisteas do’n ġearrċaile, agus ḋá ḟeisteas dom féin, ceann le haġaiḋ na dTíorṫa Reóite Ṫuaiḋ agus ceann le haġaiḋ na dTíorṫa Teó Ṫeas.”

Ṫoġ sí iad agus d’íoc sí an cúnntas. Ḃí sí amuiġ ar an tsráid gan mórán cainnte agus gan mórán moille. Aċt d’iompaiġ sí ar a sáil le luas lasraċ agus isteaċ leiṫe sa siopa arís.

“Ní ċuig an teaċ ċuireas tú na hearraiḋe,” ar sí [ 7 ]leis an mbuaċaill siopa, “aċt ċuig an luing, ċuig luing m’ḟir atá sa doc le seaċtṁain.”