7
leis an mbuaċaill siopa, “aċt ċuig an luing, ċuig luing m’ḟir atá sa doc le seaċtṁain.”
III.
Ḃí án Caiptín Mongaċ n-a ṡuiḋe sóimpe. Ḃí sé ag iṫe a ṗroinne leis féin. Císdí mine coirce, bainne gaḃair agus rum a ḃí aige—d’eile?
Ḃain an ḃean an seandolman duḃ-uaiṫne ḋi, agus an boinéid ribíneaċ.
“Tá an Caṫasaċ sásta na paisdí a ċoinneáil go ḃfillimid,” ar seisean.
“Naċ láġaċ an fear é!” ar sise, aċt níor laḃair sí smid eile.
Ḃí a lán le déanaṁ ag an gCaiptín Mongaċ ó ḃí an Ḃrídeóg (b’in í a long) le himṫeaċt ar an taoille ar an trí a ċlog; agus ár ndóiġ ḃí cuimse le déanaṁ ag a mnaoi: ḃí pacáil le déanaṁ aice agus ḃí uirṫe Máire Ḃán agus an Búrla a ċur i ḃfolaċ san mBrideóig, i ngan ḟios dá n-aṫair! An fear dána! Ní ġéillféaḋ sé ḋi sa méid sin. Ní leigfeaḋ sé na páisdí leis. Ní ḃíonn an nádúir céadna san aṫair agus ḃíos sa máṫair, aċt ḃí sise ró-ċlisde ḋó. Agus ná tógtar uirṫe gur imir sí cleas air, go dtug sí bríb do ġiolla na luinge iad a ċur i ḃfolaċ n-a ṗluais féin go mbeidís amuiġ ar an muir agus ar an mór-ḟarraige.
Ar a do a ċlog díreaċ d’ḟág bean an Ċaiptín Ṁongaiġ a teaċ ar ċárr. Ní ḟaca tú ariaṁ aċt an méad málaí mór agus bosgaí trom a ḃí ar an gcárr sin. Tug an ḃean ḃoċt léiṫe gaċ ar ḟéad sí de ṫros- gán an tiġe, agus ó ḃí an cion sin aici ar an trosgán féin nárḃ iongantaċ an sud é dá ḃfágfaḋ sí a clann muirneaċ n-a diaiḋ?
Ḃí an Caiptin Mongaċ ar ḋroiċead na luinge nuair a ṡroiċ sí an dug. Ḃí sé fein agus an ḟuireann ag obair ar a ndiṫċeall, agus ag taḃairt na mionn. Aċt ní orṫa a ḃi a haire aċt ar ġiolla óg na luinge. Nuair ċonnaic seisean í ċaoċ pé súil uirṫe. Tógaḋ a croiḋe.