Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

8

Faoi ḋeireaḋ ḃíodár ó ċontaḃairt. Ḃíodar ṫar an ród agus ṫar an teaċ soluis, ḃí na seólta móra bána tógṫa agus iad ag imṫeaċt siar Cuan leaṫan áluinn na Gailliṁe faoi ċóir ṁaiṫ gaoiṫe. Anoir dtuaiḋ ḃí an ġaoṫ agus níorḃ ḟada ḋóiḃ Ceann cloċaċ na Bóirne ḟágáil n-a ndiaiḋ ar an mbórd fúiṫe, agus ní mór-ċuid de’n oiḋċe ḃí caiṫte go raiḃ oileáin Árann fágṫa ’na ndiaiḋ aca agus iad ag imṫeaċt ó ḋeas faoi ṡeóltaiḃ breáġa bána agus faoi ṡolas gealaiġe nuaiḋe.

Agus sin agaiḃ a ċáirde mar d’ḟág an Ḃrídeóg calaḋ na Gailliṁe Dia hAoine an tríoṁaḋ lá déag de ṁí na Saṁna sa mbliain míle, a hoċt gcéad, a haon ḋéag agus ḋá ḟiċid.


IV.

Nuair a ḃi an uile ṡórt faoi réir agus faoi eagar ag an gCaiptín Mongaċ ċuaiḋ sé a ċodlaḋ. Níorḃ aṁlaiḋ ḋá ṁnaoi Nuair a fuair sise ’na ċodlaḋ é, d’eiriġ sí agus suas léiṫe an staiġre beag, agus an oiread fuadair fúiṫe agus ḃí ar maidin ag dul go dtí siopa an éadaiġ ḋi. B’ḟada léiṫe go ḃfeicfeaḋ sí an ḃeirt ṗeata. Ní ’ḋeárna sí coṁnaiḋe gur ḃain sí pluais ġiolla na luinge amaċ. Ḃí seisean ann roimpe; ḃí, agus a clann agus iad ’na sáṁ-ċodlaḋ ċiúin agus láṁa beaga an Ḃúrla timċeall ar ṁuinéal a ḋearḃṡiúra.

Rug sí ar an mBúrla. Rug an giolla ar Ṁáire Ḃáin agus do hiomċruiġeaḋ go cabán an Ċaiptín iad agus cuireaḋ isteaċ i leaḃaiḋ ḃig iad leó féin. Leig an Búrla osna as, agus duḃairt “A Ṁaim!” aċt ṫuit sé ’na ċodlaḋ arís. Cor níor ċuir Máire Ḃan di. Ḃí sí ró-ṫuirseaċ de ḃarr an lae.

Is annsin a ṫosaiġ an obair. Ḃí na málaí móra agus na bosgaí ṫug sí leiṫe le n-osgailt aice. Ḃí ag áit le coruġaḋ agus le maisiuġaḋ aici. B’olc léiṫe an ḃail a ḃí ar an seomra ag a fear; téadraċa agus blocanna agus doruġṫa agus gaċ aon trórt ṫall ’s i