Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

9

ḃfus. Ní ḃíonn aon ṁaiṫ le fear i dteaċ. Ḃí sí lán- ċinnte ḋe sin, agus maraċ gur ḃronn Dia an ḃean air, is cinnte gur i n-uaiṁ ṫalṁan ḃead coṁnaiḋe air ’nós na mbroc. Aċt naċ ar a fear a ḃeaḋ an t-iongnaḋ nuair d’éireóċaḋ sé! An ċaoi ḃeaḋ aice ar a árus! Agus na páisdí le fáiltiuġaḋ roiṁe! Agus na císdí teó mine coirce ḃeaḋ ar an mbórd roiṁe!

Ceiṫre ṗictiúir diaḋa ḃí n-a seómra sa mbaile ġreamaiġ sí d’easnaċa na luinge iad le tairgniḃ beaga. Ċroċ sí buidéal beag uisge coisreagan ós cionn leapṫan a clainne. Ḋeisiġ sí na gréiṫre ar ċlaḃra. Sean-áraċ donn as a n-ólaḋ a fear an rum a mbíoḋ an bainne gaḃair tríd, leag sí ar an gclár go cúramaċ é, Agus í ag fáġail a dóṫain fannaċt ar a cosaiḃ le luasgán na luinge! Aċt ḃuail sí a ḋá béal go doċt ar a ċéile agus lean léiṫe ag obair. Ṡilṫeá go raiḃ fad ag teaċt ’sa sproċal a ḃí faoi n-a smig, leis an saoṫar a ḃí uirṫe, agus ṡílṫeá go raiḃ fad ag teaċt sa muineáll caol sgrogaċ a ḃí uirṫe nuair a luasgaḋ sí ar an urlár ċorraċ.

Ḃí sí lán-tsásta le n-a cuid oibre gan mórán ama. Ṡuiḋ sí i suiḋeaċan a fir, agus ṫosaiġ sí ag smaoineaḋ ar an iongnaḋ agus ar an aoiḃneas ḃeaḋ air nuair d’ḟeicfeaḋ sé an áit. Is ar éigin d’aiṫneóċaiḋe é ṫár an seomra ḃí aca sa mbaile! Agus ar ndóig ḃeaḋ an ḃeirt aca an-uaigneaċ ag treaḃaḋ na dtonn mór gan an Búrla boċt agus Máire Ḃán!


V.

Ċoṁ ḟaid is ḃí an obair seo ar siuḃal, ḃí Máire Ḃán n-a codlaḋ n-a leaḃaiḋ ḃig agus í ag brionglóid Ceap sí go gcuala sí clogán ġá ḃualaḋ agus b’ḟéidir gur ċuala freisin, mar do buaileaḋ clogán na luinge faoi ḋó ar an noiméad sin. Clogán na sgoile a ḃí ann ba ḋóiġ léiṫe. Ḃeaḋ sí deireannaċ. Sí an tSiúir Máire Aindréis ḃeaḋ i gceannas na sgoile, agus ar ndóiġ níorḃ iongnaḋ eagla ḃeiṫ ar ċailín ḃeag ar biṫ roimpi