Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

6

i n-aġaiḋ cúig cinn a ḃeireaḋ a ṁáṫair. Tuigfear ó’n méid sin cé’n aois a ḃí ag Máire agus cé’n aois a ḃí ag an mBúrla. Tuigfear go soiléir naċ raiḃ Máire ṫar seaċt mḃliaḋna go leiṫ, agus naċ raiḃ an Búrla aċt cúig bliaḋna. An créatúir boċt! Agus gan fios aige fáṫ a ṫurais!

Cé’n ċaói a mbeaḋ ḟios aige nuair nár osgail a ṁáṫair a béal ariaṁ tráṫ a mbíoḋ an fuadar seo fúiṫe. Ḃí a ḋá béal dúnta ar a ċéile aici ag gaḃail soir Bóṫar na Trága ḋóiḃ. Ḃí a ḋá ḃéal greamaiġṫe ar a ċéile ag dul ṫar droiċead an Ċladaiġ ḋóiḃ, Siúd treasna Margaḋ an Éisg iad, agus suas Sraid na Céiḃe, agus suas An tSráid Árd, agus níor ḃain iaḃ ḋóiḃ go raḃadar ag Cearnóig na Caṫraċ, agus dlaoi dá ruaḋ- ḟolt agus ḋá ḃeinn dé’n tseandolman agus ribíní a boinéid ag imṫeaċt le gaoiṫ.

Buail clog na Caṫraċ an deiċ

Ní raiḃ puṫ fágṫa san mBúrla nuair ċuaiḋ an triúr isteaċ i siópa ṁór éadaiġ, agus leis an sgéal a ḋéanaṁ níos seaċt measa ḃí a ċuid aráin caillte aige agus gan aċt ḋá ġreim bainte aige as! Ċeap an Búrla boċt naċ raiḃ aċt eagcóir sa saoġal maiṫ seo nuair a fuair sé leadóg faoi’n gcluais nuair a ṡil sé píosa a sgiobaḋ o n-a ḋearḃsúir!

“Ba ṁian liom,” arsa bean an Ċaiptín Ṁongaiġ leis an mbuaċaill siopa, “ba ṁian liom na gasúir sin a ḟeistiuġaḋ go maiṫ, agus teastuiġeann éadaiġ uaim féin mar an gcéadna.”

Ċeistniġ an ḃuaċaill siopa í.

“Ḋá ḟeisteas atá uaim do’n ġasúr, agus ḋá ḟeisteas do’n ġearrċaile, agus ḋá ḟeisteas dom féin, ceann le haġaiḋ na dTíorṫa Reóite Ṫuaiḋ agus ceann le haġaiḋ na dTíorṫa Teó Ṫeas.”

Ṫoġ sí iad agus d’íoc sí an cúnntas. Ḃí sí amuiġ ar an tsráid gan mórán cainnte agus gan mórán moille. Aċt d’iompaiġ sí ar a sáil le luas lasraċ agus isteaċ leiṫe sa siopa arís.

“Ní ċuig an teaċ ċuireas tú na hearraiḋe,” ar sí