Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

4

mbacfaḋ sé le n-a ċur ann go dtí go mbíoḋ na císdí mine coirce iṫte aige—ḃí braoinín beag eile de’n rum sa mbainne gaḃair, ḃí a ṗíopa idir a ċuid fiacal, agus ó ḃi Máire Ḃán agus an Búrla ’n-a gcodlaḋ ní raiḃ aon duine le cur isteaċ ar an trean-lanaṁain.

Sgaoil an Caiptín gal breáġ gorm i n-áirde uaiḋ. D’ól sé blogam. Ṫáinig cosaṁlaċt an tsuaiṁnis air. D’ḟéaċ a ḃean air.

“Is fada mé ag ceapaḋ,” ar sise, “go mba ṁór an gar ḋuit dá mbéaḋ bean a d’ḟéadfaḋ císdí deasa mine coirce ḋéanaṁ ḋuit; ar bórd na luinge agat; nó deoċ ṁaiṫ a ullaṁaḋ ḋuit; nó do léine a niġeaċán ḋuit— ní ċreidṫeá aċt an ḃail a ḃí ar do ċuid giobail ar a ṫeaċt aḃaile ḋuit an turas seo....”

Sgaoil an Caiptín gal eile i n-áirde uaiḋ.

“Cuir braon eile bainne gaḃair sa ngloine,” ar seisean ag cur isteaċ uirṫi, “ċuireas an iomarca do’n rum ann.”

Ḃí stoirm ṁór ann an oiḋċe ċéadna. Ṡílṫeá go raiḃ duine éigin ag bualaḋ na fuinneóige le méaraiḃ cruaḋa. Ní raiḃ Géaga loma an ċrainn fuinnseóige a ḃí ag fás le taoḃ an tiġe a ḃí ag déanaṁ an torainn.

“Is uaṫḃásaċ an oiḋċe í go saḃáiliḋ Dia sinn,” ars’ an ḃean agus í ag cur bainne gaḃair sa ngloine, “is minic mé faoi ċráḋ oiḋċe mar í seo agus tusa i gcontaḃairt do ḃáiṫ’ sna Fairrígiḃ Reóite, nó i gco- taḃairt do ṁarḃṫa an oileán allta éigin ar imeall an doṁain....”

“Líon an píopa ḋom,” ar seisean.

Do líon.

“Agus séard a ḃím a ceapaḋ,” ar sise, “go ḃféad- fainn-se mórán caḃraċ a ṫaḃairt duit agus tú n-a easpa, go bféadfainn do ċuid éadaiġ a ċóruġaḋ ḋuit go ḃféadfainn....”

Dearc sí air Ḃí a ċeann mór mongaċ leigṫe siar ar ḋruim na caṫaoireaċ aige, ḃí a ḋá ṡúil dúnta aige, ḃí a ḋá ċois i n-áirde aige ar an matal. Níor ċuir sise isteaċ ar a ċuid smaointe, má’s ag smaoineaḋ a