Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

3

breaġ le n-a fear da mb’ḟios ḋi féin é “Maraċ ċoṁ daṫaṁail is táim,” deireaḋ sí, “an dóiġ liḃ go bpósfaḋ a leiṫéid d’ḟear mé?”

An ḃean ḃoċt! Níor ċuiṁniġ sí ariaṁ ar an suantraiġe ḃreáġ na ar na císdíḃ mine coirce!

Má ḃí daṫaṁlaċt ann, ná maise, is idir eatorra a ḃí. Da mbéaḋ an Caiptín ṫar éis pearóid iolḋaṫaċ ó na Tiorṫaiḃ Teó a ḃronnaḋ ort, ní ḟeadfá a ráḋ, gan bréag a ḋéanaṁ, go raiḃ sé n-a ḟear áluinn. Ḃí srón ṁór air, ar nós iolair, agus smig—b’ḟóbair ḋó fear dá ċuid ṁairnéalaċ a ḃáṫaḋ lá nuair a ḋuisiġ sé as a ċodlaḋ agus an mairnéalaċ boċt ag iarraiḋ téad ċaol, naċ raiḃ mórán níos raiṁe na doruġa maiṫ, a ṫarraingt treasna a ḃáil idir an tsróin iolraiġ agus an smig! Ḃí sé manntaċ freisin. Agus ḃi rian claiḋiṁ fir buile ar a leiceann “—dar mo ḃriaṫar, is minic a ċuir sé eagla orm agus mé mo ġasúr,” sin iad na focail deireaḋ m’aṫair agus é ag cur síos air fadó, Níorḃ cáll dó eagla ḃeiṫ air roiṁe áṁ. Ḃí sé láġaċ le páisdiḃ, agus ḃeireaḋ sé milseán do’n té naċ n-imṫiġeaḋ uaiḋ.

B’ḟéidir gur mar ġeall ar ċoṁ láġaċ is ḃí sé gur ṗós a ḃean é. B’ḟéidir gur mar ġeall ar an mblas ġeiḃeaḋ sé ar a gcuid císde mine coirce ṗós sí é. Cá ḃfios dúinn anois agus an ḃeirt aca marḃ?

Aċt maidir le n-a gcloinn, ḃí maise ionnta siúd; ḃí agus misneaċ—aċt má ḃíonn foiġid agaiḃ a ċáirde béiḋ aiṫne ṁaiṫ agaiḃ ar an mbeirt aca sul a ḃéas mé réiḋ.


II.

Ḃí an Caiptín agus a ḃean n-a suiḋe le ċeile cois na teine oiḋċe. Ḃí sé le n-imṫeaċt ar a trí a ċlog la ar na ḃáraċ. Ḃí na císdí mine ċoirce iṫte aige, agus an bainne gaḃair a raiḃ an braoinín rum ṫríd, ólta aige— ba ċóir ḋom a ráḋ anseo go mba ġnaṫaċ leis blogam maiṫ rum láidir a ċur sa mbainne gabair, aċt naċ