III.
Ḃí án Caiptín Mongaċ n-a ṡuiḋe sóimpe. Ḃí sé ag iṫe a ṗroinne leis féin. Císdí mine coirce, bainne gaḃair agus rum a ḃí aige—d’eile?
Ḃain an ḃean an seandolman duḃ-uaiṫne ḋi, agus an boinéid ribíneaċ.
“Tá an Caṫasaċ sásta na paisdí a ċoinneáil go ḃfillimid,” ar seisean.
“Naċ láġaċ an fear é!” ar sise, aċt níor laḃair sí smid eile.
Ḃí a lán le déanaṁ ag an gCaiptín Mongaċ ó ḃí an Ḃrídeóg (b’in í a long) le himṫeaċt ar an taoille ar an trí a ċlog; agus ár ndóiġ ḃí cuimse le déanaṁ ag a mnaoi: ḃí pacáil le déanaṁ aice agus ḃí uirṫe Máire Ḃán agus an Búrla a ċur i ḃfolaċ san mBrideóig, i ngan ḟios dá n-aṫair! An fear dána! Ní ġéillféaḋ sé ḋi sa méid sin. Ní leigfeaḋ sé na páisdí leis. Ní ḃíonn an nádúir céadna san aṫair agus ḃíos sa máṫair, aċt ḃí sise ró-ċlisde ḋó. Agus ná tógtar uirṫe gur imir sí cleas air, go dtug sí bríb do ġiolla na luinge iad a ċur i ḃfolaċ n-a ṗluais féin go mbeidís amuiġ ar an muir agus ar an mór-ḟarraige.
Ar a do a ċlog díreaċ d’ḟág bean an Ċaiptín Ṁongaiġ a teaċ ar ċárr. Ní ḟaca tú ariaṁ aċt an méad málaí mór agus bosgaí trom a ḃí ar an gcárr sin. Tug an ḃean ḃoċt léiṫe gaċ ar ḟéad sí de ṫros- gán an tiġe, agus ó ḃí an cion sin aici ar an trosgán féin nárḃ iongantaċ an sud é dá ḃfágfaḋ sí a clann muirneaċ n-a diaiḋ?
Ḃí an Caiptin Mongaċ ar ḋroiċead na luinge nuair a ṡroiċ sí an dug. Ḃí sé fein agus an ḟuireann ag obair ar a ndiṫċeall, agus ag taḃairt na mionn. Aċt ní orṫa a ḃi a haire aċt ar ġiolla óg na luinge. Nuair ċonnaic seisean í ċaoċ pé súil uirṫe. Tógaḋ a croiḋe.
[ 8 ]Faoi ḋeireaḋ ḃíodár ó ċontaḃairt. Ḃíodar ṫar an ród agus ṫar an teaċ soluis, ḃí na seólta móra bána tógṫa agus iad ag imṫeaċt siar Cuan leaṫan áluinn na Gailliṁe faoi ċóir ṁaiṫ gaoiṫe. Anoir dtuaiḋ ḃí an ġaoṫ agus níorḃ ḟada ḋóiḃ Ceann cloċaċ na Bóirne ḟágáil n-a ndiaiḋ ar an mbórd fúiṫe, agus ní mór-ċuid de’n oiḋċe ḃí caiṫte go raiḃ oileáin Árann fágṫa ’na ndiaiḋ aca agus iad ag imṫeaċt ó ḋeas faoi ṡeóltaiḃ breáġa bána agus faoi ṡolas gealaiġe nuaiḋe.
Agus sin agaiḃ a ċáirde mar d’ḟág an Ḃrídeóg calaḋ na Gailliṁe Dia hAoine an tríoṁaḋ lá déag de ṁí na Saṁna sa mbliain míle, a hoċt gcéad, a haon ḋéag agus ḋá ḟiċid.