Tír na n-Iongantas/4

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
IV
[ 8 ]

IV.

Nuair a ḃi an uile ṡórt faoi réir agus faoi eagar ag an gCaiptín Mongaċ ċuaiḋ sé a ċodlaḋ. Níorḃ aṁlaiḋ ḋá ṁnaoi Nuair a fuair sise ’na ċodlaḋ é, d’eiriġ sí agus suas léiṫe an staiġre beag, agus an oiread fuadair fúiṫe agus ḃí ar maidin ag dul go dtí siopa an éadaiġ ḋi. B’ḟada léiṫe go ḃfeicfeaḋ sí an ḃeirt ṗeata. Ní ’ḋeárna sí coṁnaiḋe gur ḃain sí pluais ġiolla na luinge amaċ. Ḃí seisean ann roimpe; ḃí, agus a clann agus iad ’na sáṁ-ċodlaḋ ċiúin agus láṁa beaga an Ḃúrla timċeall ar ṁuinéal a ḋearḃṡiúra.

Rug sí ar an mBúrla. Rug an giolla ar Ṁáire Ḃáin agus do hiomċruiġeaḋ go cabán an Ċaiptín iad agus cuireaḋ isteaċ i leaḃaiḋ ḃig iad leó féin. Leig an Búrla osna as, agus duḃairt “A Ṁaim!” aċt ṫuit sé ’na ċodlaḋ arís. Cor níor ċuir Máire Ḃan di. Ḃí sí ró-ṫuirseaċ de ḃarr an lae.

Is annsin a ṫosaiġ an obair. Ḃí na málaí móra agus na bosgaí ṫug sí leiṫe le n-osgailt aice. Ḃí ag áit le coruġaḋ agus le maisiuġaḋ aici. B’olc léiṫe an ḃail a ḃí ar an seomra ag a fear; téadraċa agus blocanna agus doruġṫa agus gaċ aon trórt ṫall ’s i [ 9 ]ḃfus. Ní ḃíonn aon ṁaiṫ le fear i dteaċ. Ḃí sí lán- ċinnte ḋe sin, agus maraċ gur ḃronn Dia an ḃean air, is cinnte gur i n-uaiṁ ṫalṁan ḃead coṁnaiḋe air ’nós na mbroc. Aċt naċ ar a fear a ḃeaḋ an t-iongnaḋ nuair d’éireóċaḋ sé! An ċaoi ḃeaḋ aice ar a árus! Agus na páisdí le fáiltiuġaḋ roiṁe! Agus na císdí teó mine coirce ḃeaḋ ar an mbórd roiṁe!

Ceiṫre ṗictiúir diaḋa ḃí n-a seómra sa mbaile ġreamaiġ sí d’easnaċa na luinge iad le tairgniḃ beaga. Ċroċ sí buidéal beag uisge coisreagan ós cionn leapṫan a clainne. Ḋeisiġ sí na gréiṫre ar ċlaḃra. Sean-áraċ donn as a n-ólaḋ a fear an rum a mbíoḋ an bainne gaḃair tríd, leag sí ar an gclár go cúramaċ é, Agus í ag fáġail a dóṫain fannaċt ar a cosaiḃ le luasgán na luinge! Aċt ḃuail sí a ḋá béal go doċt ar a ċéile agus lean léiṫe ag obair. Ṡilṫeá go raiḃ fad ag teaċt ’sa sproċal a ḃí faoi n-a smig, leis an saoṫar a ḃí uirṫe, agus ṡílṫeá go raiḃ fad ag teaċt sa muineáll caol sgrogaċ a ḃí uirṫe nuair a luasgaḋ sí ar an urlár ċorraċ.

Ḃí sí lán-tsásta le n-a cuid oibre gan mórán ama. Ṡuiḋ sí i suiḋeaċan a fir, agus ṫosaiġ sí ag smaoineaḋ ar an iongnaḋ agus ar an aoiḃneas ḃeaḋ air nuair d’ḟeicfeaḋ sé an áit. Is ar éigin d’aiṫneóċaiḋe é ṫár an seomra ḃí aca sa mbaile! Agus ar ndóig ḃeaḋ an ḃeirt aca an-uaigneaċ ag treaḃaḋ na dtonn mór gan an Búrla boċt agus Máire Ḃán!