Tír na n-Iongantas/5

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
V
[ 9 ]

V.

Ċoṁ ḟaid is ḃí an obair seo ar siuḃal, ḃí Máire Ḃán n-a codlaḋ n-a leaḃaiḋ ḃig agus í ag brionglóid Ceap sí go gcuala sí clogán ġá ḃualaḋ agus b’ḟéidir gur ċuala freisin, mar do buaileaḋ clogán na luinge faoi ḋó ar an noiméad sin. Clogán na sgoile a ḃí ann ba ḋóiġ léiṫe. Ḃeaḋ sí deireannaċ. Sí an tSiúir Máire Aindréis ḃeaḋ i gceannas na sgoile, agus ar ndóiġ níorḃ iongnaḋ eagla ḃeiṫ ar ċailín ḃeag ar biṫ roimpi [ 10 ]siúd! D’eiriġ Máire de ġeiṫ, agus nuair d’eiriġ, ṫarraing sí an Búrla amaċ ar an urlár leiṫe. Cuir an ropaire sin snaḋm ar a ḋá léine sul a ndeaċadar a ċodlaḋ.

Ċuala a máṫair an torann a rinneaḋ nuair a ṫui- teadar ar an urlár, agus ṫug sí amaċ iad go ḃfeicfidís a saoṫar féin.

Níor ċuiṁniġ an Búrla gur ar bórd luinge a aṫar a ḃí sé.

“Tá an t-urlár as luasgaḋ a ṁaim,” ar seisean is é ag caoineaċán.

“Agus tá daoine ag siuḃal ar ṁullaċ a’tiġe,” ars’ Máire ag baint na sram as a súile.

“Agus tá pian ’mo ḃolg,” ars’ an Búrla, agus daṫ bán air.

“An ṁuir-ġalra a ṁiċ” asa’n ṁáṫair. “Ḃéaraiḋ mé ḃraoinín bainne ḋuiṫ; naċ cuiṁneaċ leat gur ar bórd na Brídeóige atámuid?”

B’éigin do’n Ḃúrla suiḋe, B’éigin do Ṁáire suiḋe freisin. Fágtar n-a suiḋe sa gcúinne iad go n-imṫiġiḋ an muir-ġalra díoḃ.

Ċuala an Caipín Mongaċ an dá ḃuille baineaḋ as clogán na luinge D’eiriġ sé. Nuair a ṫáinig se am aċ san aireagal n-a raiḃ a ḃean, ní raiḃ air aċt drár agus léine ġorm agus caipín dearg oiḋċe.

D’ḟéaċ sé n-a ṫimċeall. Ċonnaiċ sé na pictiúir diaḋa a ḃí croċta as easnaċaiḃ na luinge ag a ṁnaoi.

“Dar Ċrom!” ar seisean, agus leis an gcaoi ar ḋuḃairt sé é ḃéarfá an leaḃar gur bualaḋ an tsrón ḟada iolraċ a ḃí air i n-aġaiḋ a smige.

Ċonnaic sé an cat duḃ ’na ċodlaḋ i mbosga.

“Dar cnáṁ droma mo ṡean-ṁáṫar!” ar seisean, agus ṫuit an caipín oiḋċe ḋe leis a iongnaḋ a ḃí air, agus ċeapfá naċ raiḃ aon ċeann i gcaipín oiḋċe ariaṁ roiṁe a ḃí ċoṁ mongaċ le ceann an Ċaiptín.

Ċonnaic sé an buidéal uisge coisreagan a ḃí croċta ós cion leapṫan na bpáisdí, agus an Paidrín, agus an ceann sionnaiġ ḃíoḋ ós cion an dorais aca sa mbaile.

[ 11 ]“Dar ciall na seaċt suaḋ ndall báiṫeaḋ i ndaḃaċ fíona fadó!” ar seisean.

Ḃí faoi a lán eile a ráḋ aċt ċaill sé a urlaḃra ar ar ḟeiceáil na páisdí ḋó.

Ḃuail sé faoi ar ḃosga. D’ḟéaċ go géar agus go dúr ar a ṁnaoi a ḃí ag iarraiḋ seasaṁ ar an urlár corraċ agus é ag cinnt uirṫe.

“A ḃean gan ciall gan réasún,” ar seisean, “a ḃean gan meaḃair gan maiṫ,” ar seisean, aċt ós rud é nár ṫuig Máire Ḃán ná an Búrla briġ a ċuid cainnte ní féidir é sgríoḃaḋ annseo, mar níl aon uġdar agam-sa leis an sgéal aċt iad-san beirt.

Aċt bí cinnte ḋe naċ molaḋ mór a fuair an ḃantraċt ó’n gCaiptín nuair ṫuig sé cé ’n an cleas d’imir a ḃean air.

“Tá císdi deasa mine coirce agus crúisgín de ḃainne an tsean ġaḃair ḋuiḃ agam annseo ḋuit,” ars’ a ḃean go ciúin réiḋ nuair a ḃí a ṡeaċt ndoṫain cainnte déanta aige.

Ṡuiḋeadar uile ċun bíḋ.

“An rud atá i ndán do ḋuine caiṫfiḋ sé cur suas leis,” ars’ an Caiptín Mongaċ nuair a ḃí roinnt ṁaiṫ de na císdíḃ deasa mine coirce iṫte aige, “aċt caiṫ- fear an ceann sionnaiġ úd a ṫeilgean amaċ sa ḃfairrge sul ḟeicfeas aon duine de na mairnéalaiġiḃ é. Ceann sionnaiġ i gcabán caiptín luinge!”

Rinne sé gáire. B’forus d’aiṫint air gur ṫaiṫniġ na císdí mine coirce leis, agus ḃí áṫas an doṁain ar a ṁnaoi go ḃfuair sé an blas ceart orṫa i ḃfad ó ḃaile.