Tír na n-Iongantas/6

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
VI
[ 11 ]

VI.

Aċt cuireaḋ isteaċ orṫa sul a raiḃ an béile críoċ- naiġṫe aca.

Ċonnaic Máire Ḃán ḋá ċois ṁóra ar an staiġre ḃeag. Ní raiḃ bróg ná bútais orṫa, aċt mura raiḃ ḃí cnapaí a ḃí ċoṁ mór le fataiḃ orṫa, agus ní ḟéadṫá [ 12 ]aon rud a ċur i gcomórtas le na cosaiḃ cnapaċa sin ar ḋaṫ ’ná ar ċaime, aċt fréaṁaċa sean-ċrainn daraiġ.

Ṫáinig fear na gcos anuas go mall agus a ḋruim leó. B’uaṫḃásaċ le Máire Ḃáin an dá ġlúin a ḃí air. Ḃí sí i ḃfoisgeaċt slaite ḋó, agus b’ḟacṫas di go raiḃ na glúine ḃí air níos mó ná cloigeann aon duine dá ḃfaca sí ariaṁ.

Táinig sé anuas cúpla coisméag eile. Ḃí brísde beag bán air naċ ndeaċa go glúnaiḃ air. Ċeap Máire Ḃán naċ ndeaċa an brísde geárr sin i ḃfoisgeaċt troiġ dá ġlúnaiḃ móra duḃa gránda.

Ṡeas an t-arraċtaċ ait seo i laṫair na cuideaċtan. Rug sé ar ḋlaoi dá ċas-ḟolt duḃ, agus d’uṁluiġ go múinte do’n Ċaiptín. B’aisteaċ leis an gcailín beag a leiṫéid ḃeiṫ ar bórd luinge a haṫar.

Ḃí léine ḋearg air, agus caipín gorm cúinneaċ ar a ċeann. Aċt an crios a ḃí faoi n-a lár! Ba ṁó agus ba leiṫne é ná teanntán capaill. Ṡíl Máire na sgeana a ḃí ann a coṁaireaṁ, aċt ṫeip uirṫi. Ḃí sgeana fada ann agus cinn ġeárra, sgeana geara agus cinn ṁaola, sgeana manntaċa agus cinn a raiḃ faoḃar rásuir orṫa. Agus na sleaġṫa iolċumṫa ḃí air! Coṁair an cailín beag ceiṫre cinn díoḃ, aċt cár ḃfios di naċ raiḃ cúpla ceann eile ar a ċúl, nó b’féidir trí cinn? Ḃí pócaí sa gcrios freisin! B’iongantaċ le Máire céard a ḃí i ḃfolaċ sna pocaiḃ sin.

Agus an dá ṗiostal a ḃí aige! Agus an claiḋeaṁ fada leaṫan a ḃí le n-a ṫaoḃ! Níor ḟéad Máire na súile ḃaint de’n ċrios ar feaḋ i ḃfad, aċt nuair a ḃain, agus nuair a ḋearc sí san éadan air, ṫáinig uaṫḃás uirṫi.

Ḃí croiméal fada duḃ ag tuitim anuas ṫar a ḃéal, mar crann salliġ os cionn sroṫa. Bí fiar-ṡúil ann: ċeap Máire gur uirṫi féin a ḃí sé ag féaċaint i dtosaċ. Níorḃ eaḋ aċt ar an gCaiptín. Ḃí sé ar leaṫ-ċluais: aċt ḃí fáinne ’sa leaṫ-ċluais slán a ḃí níos mó ná fáinne cuirfiḋe i sróin tairḃ. Ċeap Maire go mb’e [ 13 ]meaḋċan an ḟáinne stróic an ċluas eile ḋe, agus go stróicfiḋe an ċluas slán de freisin leis an aimsir!

Ḃí a ċraiceann ar aon ḋaṫ le cró capaill ’sa ḃfoġ- ṁar. Ḃí sí ag ceapaḋ go mb’féidir go mb’e an diaḃal féin é i rioċt duine. Agus ḃí uaṁan uirri, nuair ṫug a haṫair féin Satan air.

Ní iongaḋ é mar ní raiḃ ḟios aici an uair sin go mbaḋ é sin an leasainm bí aca air ar ḃórd na luinge.