Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

13

meaḋċan an ḟáinne stróic an ċluas eile ḋe, agus go stróicfiḋe an ċluas slán de freisin leis an aimsir!

Ḃí a ċraiceann ar aon ḋaṫ le cró capaill ’sa ḃfoġ- ṁar. Ḃí sí ag ceapaḋ go mb’féidir go mb’e an diaḃal féin é i rioċt duine. Agus ḃí uaṁan uirri, nuair ṫug a haṫair féin Satan air.

Ní iongaḋ é mar ní raiḃ ḟios aici an uair sin go mbaḋ é sin an leasainm bí aca air ar ḃórd na luinge.


VII.

Ní ḋeárna sé féin ná an Caiptín Mongaċ mórán moille sa gcaḃán go ndeaċa an ḃeirt aca suas an staiġre ḃeag, agus ċuala Máire Bán ag siuḃal anonn ’s anall os a cionn ar urlár na luinge iad.

Ḃí sí ag éisteaċt go haireaċ agus faitċíos an doṁain uirṫi, aċt níor eiriġ leiṫi aċt focal fánaċ a ċlos uaṫa. Ní ċloiseaḋ si aċt pébrí ċainnt a ḃíoḋ ar siuḃal aca ag dul ṫar ḋoras an ċabáin ḋóiḃ. Ní ró- ḟada gur ṫuig sí guraḃ é an mairnéalaċ mór, ar ar ṫug a haṫair Satan, a ḃí ag déanaṁ an ċuid is mó de’n ċainnt agus go raiḃ a haṫair ag iarraiḋ é ṡásuġaḋ. B’eigin di cúpla uair nó trí a méara a ṡáiṫeaḋ isteaċ n-a cluasaiḃ leis na mionnaiḃ duḃa, a ḃí ag bruċtaġail amaċ as béal an ṁairnéalaiġ, a ċoinneál uaiṫi. Ċuala sí an tSiúr Máire Aindréis a ráḋ go minic go mba ṁór an peaca mionn a ṫaḃáirt: cá’r ḃfios di naċ mbeaḋ sí ag déanaṁ peaca agus a ḃeiṫ ag éisteaċt leó?

Ḃíodar ag doras an ċabáin.

“Ceann sionnaiġ! Ceann sionnaiġ, adeirim! Dar a ḃfuil. . . . .”

An mairnéalaċ a ḃí ag cainnt. Ṡáiṫ sí na méara ’na cluasaiḃ.

Níor ċuala sí a ṫuille de’n ċainnt ar feaḋ tamaill. Ní raiḃ le clos aici aċt torann na gcos os a cionn agus an t-uisge ag plabaḋ i n-aġaiḋ cliaṫáin na luinge.

An mairnéalaċ arís—