Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

14

“Bean ruaḋ agus clann!” as seisean.

“Níl sí ruaḋ,” ars’ a haṫair.

Sin ar ċuala sí.

“Agus an cat! an cat duḃ! Dar....” arsa an mairnéalaċ agus iad ag an doras an ceaṫraṁaḋ uaire.

“Agus cá ḃfios dúinn naċ ḃfuil “pram” aca le aér taḃairt do na páisdiḃ ar urlár na luinge!” ars’ an mairnéalaċ go fonóideaċ.

Ṫáinig fearg ar an gCaiptín, agus ċuir sé an ruaig r an mairnéalaċ mór ar Ṡatan an creasa iongantaiġ.

Nuair a ṫáinig an Caiptín anuas an staiġre ḃeag ṫosaiġ sé ag coṁráḋ le n-a ṁnaoi, aċt ḃí Máire Ḃán sáṫaċ sean le tuigsint nár innis sé aon ċeó ḋi faoi ’n mairnéalaċ mór agus a ċuid cainnte.

Dá n-innseóċaḋ is cinnte go mbeaḋ aiṫméala uirṫi go dtug sí a clann dílis léiṫe ar an turas ba ċonta- ḃairtiġ dá dtug a fear ariaṁ. Níor ṫuig neaċ díob, aċt an Caiptín Mongaċ aṁáin, go raiḃ an ḟuireann biṫeaṁnaċ bradaċ, agus an dream cneaṁaire calma ba ṁeasa dár ṡeól fairrge ariaṁ ar bórd aca, agus go mb’é Satan an ċreasa iongantaiġ ḃeaḋ i n-ann iad a ġríosaḋ le aċrann agus toirmeasg a ċur ar bun. Ṫuig sé naċ mbeaḋ uaiḋ aċt an leiṫsgéal. Agus ḃí an leiṫ- sgéal aige: ní ḃeaḋ air aċt a ráḋ leis an ḃfuirinn aineólaiġ go raib ceann sionnaiġ agus cat duḃ agus bean ruaḋ ar bórd aca agus ḃeaḋ droċ-obair ann. Ní ḃeaḋ air a ċur i gcuiṁne ḋóiḃ gur ḟágadar calaḋ ar an Aoine, ar an 13aḋ lá de ṁí na Saṁna!

Aċt dá ċorruiġṫe dá raiḃ an cailín beag ċeap sí go mba ṁór an gar gur ṫuit a ċodlaḋ ar an mBúrla agus naċ ḃfaca sé mairnéalaċ mór an ċreasa.


VIII.

Ḃí imniḋe ṁór ar an gCaiptín Mongaċ. Ṫiuḃrad an té ba ḋaille sa saoġal faoi deara go raiḃ. Ḃí uisge- faoi-ṫalaṁ dá ḋéanaṁ ag Satan, agus nuair d’ordui- ġeaḋ sé féin do ṁairnéalaċ a leiṫéid séo nó a leiṫéid