Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

15

siúd a ḋéanaṁ, ní ḋéanfaiḋe é aċt go doiċeallaċ Laḃair sé leis an gcéad-ṁáta, agus leis an siúinéara, agus le giolla na luinge, mar ḃí sé cinnte naċ mbeaḋ fear eile ar bórd na luinge dílis ḋó dá dtosnóċaiḋe ar ṫroid a ḋéanaṁ. An méid airm teine agus faoḃair a ḃí aige, roinn sé ar an triúr sin iad. Ċoinniġ sé féin ḋá ṗiostal agus sean-ġuna naċ raiḃ mórán maiṫeasa leis, agus ṫug sé piostal dá ṁnaoi le troid a ḋéanaṁ freisin.

Ar ḋroiċead na luinge is mó ċaiṫeaḋ sé an aimsir. D’ḟeicfiḋe annsin é d’oiḋċe agus de ló. Ṫagaḋ a ḃean ċuige ó am go ham, agus beireaḋ sí biaḋ ḋó. Ṫagaḋ an máta agus sgéala na luinge aige. Ag dul i ndonaċt a ḃí an ḟuireann. Ḃí an Caiptín Mongaċ cinnte go n-ionnsóċaidís é féin agus an máta dá gceapfaidís go n-eireóċaḋ leo.

Ḃíoḋ sé annsuḋ ar an droiċead agus an roṫa stiúrṫa i ngreim aige, agus súil aige go ḃfeicfeaḋ sé long éigin ar a ċúrsa.

Ḃíodar na mílte mílte ó Éirinn faoi ’n am seo: agus iad ag gluaiseaċt ó ḋeas faoi reaċt seóil. Tagaḋ Máre Ḃán ċuige ar an droiċead go minic, agus dá ċráiḋte dá raib sé ċuireaḋ sé ’n-a suiḋe ar ḃosga le n-a ṫaoḃ í, agus ḃíoḋ ag cainnt léiṫi go bladaraċ. Níor ċeap sí ariaṁ go ḃféadfaḋ aṫair ḃeiṫ ċoṁ láġaċ cineálta sin. Níor ċeap sí ariaṁ go ḃféadfaḋ aṫair ḃeiṫ n-a sgéalaiḋe ċoṁ maiṫ sin. Do hinsiġeaḋ sé sgéalta siḋe ḋi do ṡáruiġ na sgéalta ḃí aca sna leaḃ- raiḃ sgoile. Aċt nuair a ṫagaḋ an máta, agus nuair a ḃíoḋ cóṁraḋ aca le ċéile ní innseóċaḋ sé a ṫuilleaḋ sgéalta ḋi, agus do ṫagaḋ gruaim air agus cuireaḋ sé iallaċ uirṫi imṫeaċt.

Annsin do ṫiocaḋ cnapa móra ar ṁalaiḃ an Ċaiptín, agus is beag naċ mbuailfiḋe a smig agus a ṡrón ḟada i n-aġaiḋ a ċéile.

An tríoṁaḋ lá déag ar ḟiċid ṫar éis Dug na Gailliṁe fágail dóiḃ, ċiúiniġ an ġaoṫ. Ṫuit na seólta breaġa bána leis na crannaiḃ. Ní raiḃ smeaṫaṁ as aér. Ḃí