Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

16

an ḟairrge n-a dtimċeall agus í ċoṁ mín coṁ tram le clár áḋmaid. An t-éan mara ḃeaḋ ag eiteall sa spéir d’ḟeicfiḋe a sgáil síos uait sa ḃfairrge. Ní raiḃ néal sa spéir aċt an ġrian ṁór ḃuiḋe ag spallaḋ anuas orṫa ó ṁoċ na maidne go faoiḋean....

D’imṫiġ seaċṫṁain D’eiriġeaḋ an ġrian. Ḃíoḋ sí ag sgoilteaḋ na gclár orṫa i riṫ an lae. Ṫéiġeaḋ sí faoi. Ṫagaḋ na réaltóga amaċ agus d’ḟeicfiḋe ag lonnraḋ agus ag daṁsa i ndoiṁneaċt na fairrge ciúine iad. Ċeapṫá naċ mbeaḋ ort aċt láṁ a ṡáiṫ amaċ uait san uisge, agus go ḃféadṫá breiṫ ar ċéad díḃ. Aċt i gcaiṫeaṁ na seaċtṁaine níor facṫas néal sa spéir agus níor moṫuiġeaḋ puṫ gaoiṫe ó aon áird....

Ḃí na seólta breáġa bána n-a gcirteaċaiḃ timċeall ar na crannaiḃ Ṫáinig éan mór lá, agus ṫuirling sé ar ċúinne de’n tseól mór tosaiġ. Ċuaiḋ a ḋá ċois ṫríd ḃí sé ċoṁ loḃṫa sin. Agus na sgoilteaċa ḃí le feiceál i n-áḋmuid na luinge! Nuair a caiṫtí soiṫeaċ de’n sáíle orṫa, i gceann cúig noiméad ḃeaḋ sé triom- aiġṫe agus brat ḃán salainn fágṫa ’n-a ḋiaiḋ.

Ṫosaiġ an biaḋ ag eirġe gann. An fíoruisge ḃi aca ḃí sé beagnaċ caiṫte. B’éigin do’n Ċaiptín gan aċt pionta an duine a roinnt ar na fearaiḃ gaċ lá. Maraċ an drúċt a ḃíoḋ ann san oiḋċe, do caillfiḋe iad leis an tart. Gaċ maidin d’ḟeicfiḋe na fir ġá ḋiúl is ġá lapáil suas le n-a teangaiḃ bána tirme.

An dara lá deag is ḋá ḟiċid ṫar éis ḃeiṫ ar muir ḋóiḃ, do ṫaċt Satan an cat duḃ agus d’ól a ċuid fola

Mara dtiocfaḋ múr baisdiġe, nó mara gcasfaiḋe soiṫeaċ gaile éigin leó ní ḃéaḋ i ndán dóiḃ uile aċt an bás.

An lá ar ṁarḃ Satan an cat duḃ ṫug an Caiptin Mongaċ faoi deara cúpla slam d’ḟeamainn ġlais ag snáṁ ar an ḃfairrge, Rinne sé coṁarṫa na croise ar a éadan. Ḃí ḟios aige go raiḃ an Ḃrídeóg ag dul le sruṫ, agus naċ ró-ḟada an t-aċar go mbeidís istiġ i lár na mara ar a dtugtar an Saragósaċ, agus go mbeaḋ sé ċoṁ maiṫ dóiḃ ḃeiṫ ag iarraiḋ long a ṡeólaḋ