Tír na n-Iongantas/1

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
I
[ 1 ]

TÍR NA nIONGANTAS.


AN TURAS.

I.

Le linn óige m’aṫar ḃíoḋ sean-ċaiptín loinge agus a ḃean n-a gcoṁnaiḋe i n-aice le Caṫair na Gailliṁe. De ṁuinntir Riain b’eaḋ é, aċt níor tugaḋ ariaṁ air aċt an Caiptín Mongaċ. Beirt ċlainne a ḃí orṫa, Máire Ḃán agus Seán Óg, agus ó’s rud é go mbíoḋ an caiptín ag síor-ṫaisdeal an doṁain ṁóir, is ar a ṁnaoi a ḃíoḋ imniḋe agus cúram na cloinne. Aċt ḃíoḋ greann mór ag na gasúir ċéadna nuair a ṫagaḋ a n-aṫair a ḃaile, uair sa mbliaḋain nó mar sin. Ḃeireaḋ sé ar láiṁ ar Ṁáire Ḃáin, agus ḃeireaḋ sé ar láiṁ ar Ṡeán Óg, nó an “Búrla” mar tugtaí air, agus do ṫasbáineaḋ sé iongantais a loinge ḋóiḃ, Ḃíoḋ bronntanas aige do Ṁáire, agus bronntanas do’n Ḃúrla, agus bronntanas dá máṫair. Agus ḃíoḋ bronn- tanas ag an máṫair dó-san. Níor ṫáinig sé a ḃaile ariaṁ naċ mbíoḋ císde, deas mine coirce, ullaṁ aici le n-a aġaiḋ. Duḃraḋ go mb’ḟearr leis an gCaiptín Mongaċ na císdí beaga seo mine coirce agus bainne gaḃair—aċt braoinín beag rum ḃeiṫ ṫríd—na aon ḃiaḋ eile d’ḟéadfaiḋe leagaḋ os a ċóṁair. Ar aon ċaoi ba ṁilis agus ba ró-ṁilis leis an gCaiptín na císdí ġniṫeaḋ a ḃean dó.

Ḃí iongnaḋ mór ar ċáirdíḃ an Ċaiptín, gur ṗós sé a leiṫéid de ṁnaoi. Aċt ní mó an t-iongnaḋ ḃí orṫa na ḃí ar ċairdiḃ na mná gur ṗós sí a leiṫéid d’ḟear. Duḃairt muinntir an Ċaiptín, nó cuid aca, gur ṗós sé í mar ġéall ar an aoirde ṁóir ḃí inntí. Corr-ḟear san [ 2 ]áit (Aċt an Caiptin aṁain) d’ḟéadfaḋ póg ṫaḃairt di gan seasaṁ ar stól nó ar ċaṫaoir féin! Agus duḃairt muinntir na mná, ġa ḃfreagairt, gur mar ġeall ar an gceann mór mongaċ a ḃi ar an gCaiptín gur ṗós sise é: ḃí sí beagan mallraḋarcaċ agus cé heile d’ḟéadfaḋ sí aiṫneaċtail agus é píosa uaiṫi aċt fear an ċinn ṁóir ṁongaiġ?

Ní féidir a raḋ le dearḃaċt anois cé aca dream a raiḃ an ceart aca. Ni feidir a ḋéanaṁ aċt baraṁail a ṫaḃairt. Ba ṁór an ḃean ċainnte bean an Ċaiptín nuair ḃíoḋ an fonn uirṫi. Ċaiṫ sí seaċt n-uaire ag cur cainnte ḋi i gcuideaċtain an Ċaiptín la sul ar ṗósadar agus eisean ag eisteaċt léiṫe gan smid a raḋ: an lá sin ba ḋóiġ léiṫi naċ raiḃ aon ḟear eile ar an saoġal aċt é, agus ċeap sí a ṗósaḋ dá ḋeóin nó ḋá aiṁḋeoin— nár ṁór an t-áḋ ḃí ar an gCaiptín nár ṫug sé faoi deara go raiḃ se n-a ṡaṁ-ṡuan ar feaḋ moran de’n aimsir? Agus nuair a ḋúisiġ an Caiptín duḃairt sé leis féin go mba ṁór an gar do ḋuine mar é, naċ raiḃ i n-ann codlaḋ déanaṁ aċt go dona, a leiṫéid de ṁnaoi ḃeiṫ aige. Bean a ḃí i n-ann suantraiġe seaċt n-uaire a ċanaḋ, ar ndóiġ ba ṁór an tseóid í.

Agus ṗós sé í. Marab é sin an fáṫ gur ṗós sé í—é sin nó na císdí deasa mine coirce—is cinnte naċ ar áilneaċt a pearsan ṫug sé gráḋ ḋi. Ḃí sí árd, an-árd, lom, tanaiḋe. An craiceann rocaċ garḃ ḃí uirṫi ḃí sé ar ḋaṫ luaiṫre móna fluiċe. Ṡílṫeá uirṫe gur le haġaiḋ duine eile cumaḋ an craiceann sin, le haġaiḋ duine ḃí i ḃfad níos raiṁe ná í féin. Ḃí mála mór de’n ċraiceann ḃuiḋe sin faoi n-a smig—ḃéaḋ fonn ar ḋuine féaċaint cé’n ḟad d’ḟéadfaḋ sé baint as an sproċal sin gan an ḃean ḃoċt a ġortuġaḋ! Aċt ní ḃeaḋ ort aċt an fonn nuair a ṫiuḃraḋ sí faoi deara ṫú ag dearcaḋ ar an sproċal sin! Ḃéaḋ ḟios agat uirṫi go ḃféadfaḋ sí ḃeiṫ an olc le daoine mí-ṁúinte.

Ní raiḃ uirṫe aċt aon dul-amuḋa aṁáin. Ċeap sí naċ raiḃ aon ḃean eile ar an saoġal ċoṁ breáġ léiṫe féin, agus níor facṫas ariaṁ fear a ṡeól fairrge ḃí ċoṁ [ 3 ]breaġ le n-a fear da mb’ḟios ḋi féin é “Maraċ ċoṁ daṫaṁail is táim,” deireaḋ sí, “an dóiġ liḃ go bpósfaḋ a leiṫéid d’ḟear mé?”

An ḃean ḃoċt! Níor ċuiṁniġ sí ariaṁ ar an suantraiġe ḃreáġ na ar na císdíḃ mine coirce!

Má ḃí daṫaṁlaċt ann, ná maise, is idir eatorra a ḃí. Da mbéaḋ an Caiptín ṫar éis pearóid iolḋaṫaċ ó na Tiorṫaiḃ Teó a ḃronnaḋ ort, ní ḟeadfá a ráḋ, gan bréag a ḋéanaṁ, go raiḃ sé n-a ḟear áluinn. Ḃí srón ṁór air, ar nós iolair, agus smig—b’ḟóbair ḋó fear dá ċuid ṁairnéalaċ a ḃáṫaḋ lá nuair a ḋuisiġ sé as a ċodlaḋ agus an mairnéalaċ boċt ag iarraiḋ téad ċaol, naċ raiḃ mórán níos raiṁe na doruġa maiṫ, a ṫarraingt treasna a ḃáil idir an tsróin iolraiġ agus an smig! Ḃí sé manntaċ freisin. Agus ḃi rian claiḋiṁ fir buile ar a leiceann “—dar mo ḃriaṫar, is minic a ċuir sé eagla orm agus mé mo ġasúr,” sin iad na focail deireaḋ m’aṫair agus é ag cur síos air fadó, Níorḃ cáll dó eagla ḃeiṫ air roiṁe áṁ. Ḃí sé láġaċ le páisdiḃ, agus ḃeireaḋ sé milseán do’n té naċ n-imṫiġeaḋ uaiḋ.

B’ḟéidir gur mar ġeall ar ċoṁ láġaċ is ḃí sé gur ṗós a ḃean é. B’ḟéidir gur mar ġeall ar an mblas ġeiḃeaḋ sé ar a gcuid císde mine coirce ṗós sí é. Cá ḃfios dúinn anois agus an ḃeirt aca marḃ?

Aċt maidir le n-a gcloinn, ḃí maise ionnta siúd; ḃí agus misneaċ—aċt má ḃíonn foiġid agaiḃ a ċáirde béiḋ aiṫne ṁaiṫ agaiḃ ar an mbeirt aca sul a ḃéas mé réiḋ.