Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

TÍR NA nIONGANTAS.


AN TURAS.

I.

Le linn óige m’aṫar ḃíoḋ sean-ċaiptín loinge agus a ḃean n-a gcoṁnaiḋe i n-aice le Caṫair na Gailliṁe. De ṁuinntir Riain b’eaḋ é, aċt níor tugaḋ ariaṁ air aċt an Caiptín Mongaċ. Beirt ċlainne a ḃí orṫa, Máire Ḃán agus Seán Óg, agus ó’s rud é go mbíoḋ an caiptín ag síor-ṫaisdeal an doṁain ṁóir, is ar a ṁnaoi a ḃíoḋ imniḋe agus cúram na cloinne. Aċt ḃíoḋ greann mór ag na gasúir ċéadna nuair a ṫagaḋ a n-aṫair a ḃaile, uair sa mbliaḋain nó mar sin. Ḃeireaḋ sé ar láiṁ ar Ṁáire Ḃáin, agus ḃeireaḋ sé ar láiṁ ar Ṡeán Óg, nó an “Búrla” mar tugtaí air, agus do ṫasbáineaḋ sé iongantais a loinge ḋóiḃ, Ḃíoḋ bronntanas aige do Ṁáire, agus bronntanas do’n Ḃúrla, agus bronntanas dá máṫair. Agus ḃíoḋ bronn- tanas ag an máṫair dó-san. Níor ṫáinig sé a ḃaile ariaṁ naċ mbíoḋ císde, deas mine coirce, ullaṁ aici le n-a aġaiḋ. Duḃraḋ go mb’ḟearr leis an gCaiptín Mongaċ na císdí beaga seo mine coirce agus bainne gaḃair—aċt braoinín beag rum ḃeiṫ ṫríd—na aon ḃiaḋ eile d’ḟéadfaiḋe leagaḋ os a ċóṁair. Ar aon ċaoi ba ṁilis agus ba ró-ṁilis leis an gCaiptín na císdí ġniṫeaḋ a ḃean dó.

Ḃí iongnaḋ mór ar ċáirdíḃ an Ċaiptín, gur ṗós sé a leiṫéid de ṁnaoi. Aċt ní mó an t-iongnaḋ ḃí orṫa na ḃí ar ċairdiḃ na mná gur ṗós sí a leiṫéid d’ḟear. Duḃairt muinntir an Ċaiptín, nó cuid aca, gur ṗós sé í

mar ġéall ar an aoirde ṁóir ḃí inntí. Corr-ḟear san

B