Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/2/4

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Dara Gníomh, An Ceathramhadh Radharc
[ 36 ]

AN CEAṪRAṀAḊ RAḊARC.


Cúl Siḃrille.—Oilill ’na ṗubal. Fearġus ’na ṗubal ar láiṁ ḋeis Oiliolla. Pubal Ṁéiḃ ar láiṁ ċlé Oiliolla agus gan sa ṗubal aċ Fionnaḃair. Na pubail eile as san amaċ ar gaċ taoḃ.


O.—Ní ḟeadar cad ’tá ag coimeád Ṁéiḃ uainn.

Fear.—Is dóiċ liom gur b’ aṁlaiḋ náċ foláir lé cuaird do ṫaḃairt ar na slóġaiḃ sar a leogaiḋ sí a heiċ do sgur. Is maiṫ lé gaċ ní d’ ḟeisgint le n‑a súiliḃ féin, agus a ḟios do ḃeiṫ aici i gceart cad é an líon a ṫáinig gaċ rí-ḟéinne nó an ḃfuil a smaċt dá ċur i ḃfeiḋm ar an gcuma ’nar órduiġ sí ḋóiḃ é.

O.—Is maiṫ an ċoṁairle do Ṁéiḃ an ní sin do ḋéanaṁ. Ní ḃíon an raṫ aċ mar a mbíon an smaċt. Tá an sluaġ so ana-ṁór. Is ’mó cine uaiḃreaċ atá cruinniġṫe againn ann, gan puinn eóluis ná aiṫne acu ar a ċéile. Ní’l treaḃċas díoḃ náċ dóiċ leó [ 37 ]gur fearr iad féin ná aon treaḃċas eile dá ḃfuil ar an mór-ṡluaġ. Gan an smaċt do ḃeiṫ láidir agus gan é ċur i ḃfeiḋm go dlúṫ agus go daingean níor ḃ’ ḟéidir an sluaġ do ḃainistiġe i n‑aon ċur. Is deacair smaċt láidir do ċur i ḃfeiḋm ar ċine uaiḃreaċ. Is dóiċ liom go ḃfuil a lán acu ná geaḃaḋ smaċt le n‑ais ó rí ná ó ríogan eile aċ ó Ṁéiḃ féin. Tá cumas éigin iongantaċ aici ar ḋaoiniḃ mór-aigeanta, ceann-árda, garḃa do lúbaḋ agus do ċromaḋ ċun a toile, agus ní dá n‑aiṁḋeóin é aċ le n‑a dtoil féin go hiomlán. Deinid siad rud uirṫi ná déanfaidís ar a haṫair, ar Árdrí Éirean!

Fionnaḃair.—Sidí ċuġainn í! Cad a ċoimeád uainn tu, a ṁáṫair?

(Tig Méiḃ.)

O.—’Seaḋ! a ríogan, conus atá an sgéal ag an sluaġ? Ar ṫáinig gaċ rí an líon a geallaḋ?

M.—Ní’l rí acu nár ṫáinig breis agus líon a ṫríoċa céad (Ag cur smuta gáire aisti). Ní ḋá ṫríoċa céad atá ag Cú Raoi mac Dáire aċ ċeiṫre ṫríoċa céad! Níor ṫáinig aon ḟear ó’n Muṁain gan céad nó ḋó aige sa mbreis ar an dtríoċa céad a ġeall sé. Is dóiċ liom gur b’ aṁlaiḋ a ṁeasadar ár mbuiḋeaċas do ṫuilleaṁ níos fearr ná mar ḃeaḋ sé tuillte ag ríġṫiḃ Connaċt. Aċ ba ṁaiṫ an ṁaise ag Ceat mac Máġaċ é agus ag an gcuid eile dár ríġṫiḃ féin, do ṫáinig an smuíneaṁ céadna ċúċa. Ní’l duine acu nár ṫug leis breis agus an tríoċa céad do hiaraḋ air. Dar leó go mbeaḋ buaḋ agus barr sa ní sin acu ar ríġṫiḃ Muṁan. Ní ḟeacaís riaṁ aċ an diombáḋ a ḃí orṫa ar gaċ taoḃ nuair a tuigeaḋ conus mar [ 38 ]a ṡáruiġ an dá ḟormad ar a ċéile. Aċ do ḋeineas sult dé, agus cúrsaiḋe áṫais dom féin, agus ġaḃas mo ḃuiḋeaċas gan staonaḋ leó agus do ṁolas iad, idir Ċonnaċtaċ agus Muiṁneaċ, i dtreó fé ḋeire gur ḃ’ aṁlaiḋ a ḃí an sgéal acu ná ceadóċ aon taoḃ acu, ar rud ná déarfaidís, iad do ṫeaċt gan an ḃreis do ṫaḃairt leó.

O. (Ag cur gáire as).—Ní fearr ḃeiṫ ag caint air, a Ṁéiḃ, aċ ní’l aon teóra leat!

M.—Ní’l do ṁór-ṡluaġ fé ḃun daċad tríoċa céad, a rí!

O.—Agus gan tríoċa céad orṫa, aniar ná aneas náċ muiriġean aigne agus meaḃraċ cinn do’n ḟear is treise bunús, iad do ċoimeád go maiṫ fé n‑a láiṁ! Conus atá an smaċt, a Ṁéiḃ?

M.—Is ’mó cualaċt líonṁar ar an slógaḋ agus is maiṫ is eól dóiḃ uile conus slógaḋ do ḋéanaṁ; aċ ní’l ionta uile aċ díosgar seaċas aon tríoċa céad aṁáin, is iad san tríoċa céad na nGailian.

O.—Cad é an deaġ-obair a ḋeinid siad san seaċas cáċ, go moltar ar an gcuma san iad?

M.—Is dual molaḋ ḋóiḃ. Ḃí boṫa agus béalsgaláin déanta acu um an am ’nar ṫáinig leis an gcuid eile de’n tsluaġ dúna agus longṗuirt do ḋéanaṁ. Ḃí an biaḋ dá ḃeiriú ag tríoċa céad na nGailian an uair a ḃí an ċuid eile ag déanaṁ boṫa agus béalsgalán. An uair a ḃí an ċuid eile ag beiriú an ḃíḋ ḃí a gcuid bíḋ iṫte ag tríoċa céad na nGailian. Um an dtaca ’na raiḃ an biaḋ iṫte ag an gcuid eile de’n tsluaġ ḃí an ċéad ġreas codlata ag tríoċa céad na nGailian. Tá slaċt agus fuinneaṁ sa ċuma ’na ndeinean an tríoċa [ 39 ]céad sin an uile ṡaġas gnóṫa a ḃainean le slógaḋ, agus le gluaiseact armála, agus le déanaṁ cogaiḋ.

O.—Is mór an tairḃe ḋúinne mar sin a leiṫéidí do ḃeiṫ i n‑aoinḟeaċt linn ar an slógaḋ so.

M.—Ní heaḋ, a rí, ní had ḃréagnú-sa é, aċ is mór an ċeataiġe agus an ċontaḃairt dúinn iad do ḃeiṫ ar aon tslógaḋ linn. Ní’l duine íseal ná uasal ar an mór-ṡluaġ ná fuil ċeana féin ag faire orṫa agus ag féaċaint suas ċúċa agus a d’ iaraiḋ aiṫris do ḋéanaṁ orṫa. Ní’l aon ṁeas ar aoinne eile aċ ar ṫríoċa céad Gailian! Ní ró ḟada go millfiḋ sin ár smaċt. Ní toil liom-sa iad do ḋul i n‑aoinḟeaċt linn níos sia. Is suaraċ le ráḋ aon tríoċa céad aṁáin seaċas smaċt ár mór-ṡluaġ. Ní raċaid siad linn agus ní ḃeifear ’ġá maoiḋeaṁ orainn.

O.—Téiġdís tar n‑ais go Cruaċain, má ’seaḋ, agus fanaidís ann.

M.—Ní raċaid siad ṫar n‑ais go Cruaċain. Dá dtéiġdís ṫar n‑ais go Cruaċain agus sinne do ḋul ar aġaiḋ go hEaṁain, ní hagainne ḃeaḋ ríġe Connaċt ar ball aċ acu-san.

Fionnaḃair.—Cad ’tá le déanaṁ acu, a ṁáṫair, mara leogtar dóiḃ dul linn ná fanaṁaint ’nár ndiaiḋ?

M.—Ar ṁaiṫe linn féin, ar ṁaiṫe leis an mór-ṡluaġ, ní ḟeicim-se go ḃfuil againn le déanaṁ aċ teaċt orṫa agus iad do ċur ċun báis!

O.—Is olc an cor é sin le taḃairt dóiḃ mar ġeall ar an ḟeaḃas a ḋeinid siad an obair a ḃainean le slógaḋ.

F. (Ag preabaḋ ’na ṡuiḋe).—Dar fíor ár mbriaṫar, a ríogan, ní ṫaḃarfaiḋ aoinne bás do ṫríoċa céad [ 40 ]na nGailian aċ an té imreóċaiḋ bás agus oiḋe orm-sa mar aon leó!

M.—Ní maiṫ an ċiall duit-se, a Ḟearġuis, an ċaint sin do ċaiṫeaṁ liom-sa. Ba ċóir go dtuigfeá id’ aigne go ḃfuil ar mo ċumas-sa tu féin agus iad féin do ċur ċun báis. Cad é an ḟaid le dul do ṫríoċa céad-sa agus tríoċa céad na nGailian ar ṡeaċt dtríoċa céad na Maine agus ar ṡeaċt dtríoċa céad ċlainne Máġaċ, gan tráċt ar mo ṫeaġlaċ-sa agus ar ṫeaġlaċ Oiliolla?

F.—Ní gan eólus a laḃras, a ríogan. Tá Cú Raoi mac Dáire ar an slógaḋ so. Tá ḋá rí ḋéag d’éaġmais Ċú Raoi annso ó’n Muṁain. Ní’l fé ḃun ċúig tríoċa céad déag d’ ḟearaiḃ cróḋa ó’n Muṁain annso. Dá mbeartóċaí an gníoṁ san do ḋéanaṁ ní ḃeaḋ agam-sa aċ an focal do ráḋ agus ba ró ġearr an ṁoill. Aċ ní hí sin an ċaint.—Is eagal leat-sa an tríoċa céad san Gailian do ḃeiṫ ar an slógaḋ so agus iad ċoṁ mór níos oilte ar ġnóṫaíḃ cogaiḋ ná an ċuid eile de’n ṁór-ṡluaġ. Tá leiġeas ar an gceataiġe sin gan dul ċoṁ fada leis an éirleaċ a deirir.

M.—Cad é an leiġeas é sin? Ní háil liom-sa éirleaċ do ḋéanaṁ orṫa aċ mar ṡeaċnaḋ ar éirleaċ ba ṁó ná é, éirleaċ a ċuirfeaḋ sinn féin agus ár mór-ṡluaġ ar neaṁní.

F.—Déintear tríoċa céad na nGailian do ḋíosgaoile ar ḟearaiḃ Éirean i dtreó ná beiḋ aon ċúigear acu i n‑aon inead. Ní ḃeiḋ caoi acu annsan ar ċoṁairle eatarṫa féin ná ar ċoṁ-obair, agus ní baoġal iad feasda.

M.—Is ró ṁaiṫ an ċoṁairle í sin, a Ḟearġuis, agus [ 41 ]taiṫnean sí go háluinn linn. Is cuma cad é an cor a taḃarfar dóiḃ aċ gan iad do ḃeiṫ sa ċóir agus sa ċumas coṁraic iona ḃfuilid. Ní’l aoinne is fearr a ḋéanfaiḋ an díosgaoile sin ná ṫusa, a Ḟearġuis. Dá gcuireaḋ aoinne eile ċun a ḋéanta ba ḋóiċ leis an mbuiḋin mbig sin gur ar tí díoġḃála ḋóiḃ a ḃeifí, aċ nuair a ċífid siad tusa ’ġá ḋéanaṁ tuigfid siad ’n‑a n‑aigne gur ar ṁaiṫe leó é. Is deiṁin leó ná déanfá-sa feall orṫa. Imṫiġ, a Ḟearġuis, agus dein an díosgaoile sin. Agus ní foláir doṁsa féin imṫeaċt arís. Tá an tsluaġ ró ṁór. Mara gcurtar riar cruinn agus órdú soiléir ar na tuaṫaiḃ, agus ar na treaḃċasaiḃ, agus ar na haicmeaċaiḃ, agus ar gaċ cine fé leiṫ, déanfaid siad iomard agus toirmeasg dá ċéile agus imṫeóċaid siad ó smaċt. Tar-sa liom, a rí, go gcuiream gaċ drong um a rí agus gaċ réim um a ríogra, gaċ buiḋean um a dtaoiseaċ agus gaċ rí agus ríoġḋaṁna d’ḟearaiḃ Éirean i mbun a ċoda féin de’n ṁór-ṡluaġ ar ḃóṫar fé leiṫ.

(Imṫiġid.)


An Dara Gníomh, An Ceathramhadh Radharc