Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
36
TÁIN BÓ CUAILNGE

ngníoṁarṫaiḃ gaile agus gaisge. Cad é ’ṁaiṫ mac rí nó inġean rí a ġeaḃaiḋ easonóir agus ná déanfaiḋ díċeall ar an easonóir do ḋíogailt.

O.—Is dóiċ liom, a leanḃ, go ḃfuil fios a haigne féin agat’ ṁáṫair maiṫ go leór. Tá sé ċoṁ maiṫ againn cead a cinn a ṫaḃairt di.

(Tig ara isteaċ.)

An t-ara (Ag uṁlú).—Táid na carbaid ollaṁ.

(Imṫiġid.)



AN CEAṪRAṀAḊ RAḊARC.


Cúl Siḃrille.—Oilill ’na ṗubal. Fearġus ’na ṗubal ar láiṁ ḋeis Oiliolla. Pubal Ṁéiḃ ar láiṁ ċlé Oiliolla agus gan sa ṗubal aċ Fionnaḃair. Na pubail eile as san amaċ ar gaċ taoḃ.


O.—Ní ḟeadar cad ’tá ag coimeád Ṁéiḃ uainn.

Fear.—Is dóiċ liom gur b’ aṁlaiḋ náċ foláir lé cuaird do ṫaḃairt ar na slóġaiḃ sar a leogaiḋ sí a heiċ do sgur. Is maiṫ lé gaċ ní d’ ḟeisgint le n‑a súiliḃ féin, agus a ḟios do ḃeiṫ aici i gceart cad é an líon a ṫáinig gaċ rí-ḟéinne nó an ḃfuil a smaċt dá ċur i ḃfeiḋm ar an gcuma ’nar órduiġ sí ḋóiḃ é.

O.—Is maiṫ an ċoṁairle do Ṁéiḃ an ní sin do ḋéanaṁ. Ní ḃíon an raṫ aċ mar a mbíon an smaċt. Tá an sluaġ so ana-ṁór. Is ’mó cine uaiḃreaċ atá cruinniġṫe againn ann, gan puinn eóluis ná aiṫne acu ar a ċéile. Ní’l treaḃċas díoḃ náċ dóiċ leó