Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
39
TÁIN BÓ CUAILNGE

céad sin an uile ṡaġas gnóṫa a ḃainean le slógaḋ, agus le gluaiseact armála, agus le déanaṁ cogaiḋ.

O.—Is mór an tairḃe ḋúinne mar sin a leiṫéidí do ḃeiṫ i n‑aoinḟeaċt linn ar an slógaḋ so.

M.—Ní heaḋ, a rí, ní had ḃréagnú-sa é, aċ is mór an ċeataiġe agus an ċontaḃairt dúinn iad do ḃeiṫ ar aon tslógaḋ linn. Ní’l duine íseal ná uasal ar an mór-ṡluaġ ná fuil ċeana féin ag faire orṫa agus ag féaċaint suas ċúċa agus a d’ iaraiḋ aiṫris do ḋéanaṁ orṫa. Ní’l aon ṁeas ar aoinne eile aċ ar ṫríoċa céad Gailian! Ní ró ḟada go millfiḋ sin ár smaċt. Ní toil liom-sa iad do ḋul i n‑aoinḟeaċt linn níos sia. Is suaraċ le ráḋ aon tríoċa céad aṁáin seaċas smaċt ár mór-ṡluaġ. Ní raċaid siad linn agus ní ḃeifear ’ġá maoiḋeaṁ orainn.

O.—Téiġdís tar n‑ais go Cruaċain, má ’seaḋ, agus fanaidís ann.

M.—Ní raċaid siad ṫar n‑ais go Cruaċain. Dá dtéiġdís ṫar n‑ais go Cruaċain agus sinne do ḋul ar aġaiḋ go hEaṁain, ní hagainne ḃeaḋ ríġe Connaċt ar ball aċ acu-san.

Fionnaḃair.—Cad ’tá le déanaṁ acu, a ṁáṫair, mara leogtar dóiḃ dul linn ná fanaṁaint ’nár ndiaiḋ?

M.—Ar ṁaiṫe linn féin, ar ṁaiṫe leis an mór-ṡluaġ, ní ḟeicim-se go ḃfuil againn le déanaṁ aċ teaċt orṫa agus iad do ċur ċun báis!

O.—Is olc an cor é sin le taḃairt dóiḃ mar ġeall ar an ḟeaḃas a ḋeinid siad an obair a ḃainean le slógaḋ.

F. (Ag preabaḋ ’na ṡuiḋe).—Dar fíor ár mbriaṫar, a ríogan, ní ṫaḃarfaiḋ aoinne bás do ṫríoċa céad