Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/2/3

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Dara Gníomh, An Tríomhadh Radharc
[ 32 ]

AN TRÍOṀAḊ RAḊARC.


Rí-ṫeaċ Cruaċna.—Méiḃ agus Oilill agus Fearġus agus na seaċt Maine agus seaċt Meic Máġaċ agus Cú Raoi mac Dáire agus ḋá rí ḋéag na Muṁan, agus iad i gcoṁairle.


M.—Ní’l aon duine ar an sluaġ so, a Ḟearġuis, is fearr ċun eóluis do ḋéanaṁ roṁainn ná ṫusa. Tá eólus ċúige Ulaḋ agat ċoṁ maiṫ agus atá ag Conċoḃar féin, agus tá eólus na cúige seo Connaċt agat go maiṫ um an dtaca so.

Cáċ.—Is fíor! Is fíor!

F.—Tá go maiṫ, a ríogan. Mar is maiṫ liḃ.

M.—Tá sgís agus suaineas maiṫ déanta ag an sluaġ anois agus is miṫid gluaiseaċt. Ní hé ár leas a ṫuille riġnis do ḋéanaṁ annso. Dá mb’ iad na Muiṁniġ féin iad tá tuirse na sliġe aneas curṫa ḋíoḃ acu. Is olc an rud mór-ṡluaġ neaṁ-ṫuirseaċ do ċoimeád díoṁaoin. An té ná déanfaiḋ a leas ní foláir dó a aiṁleas do ḋéanaṁ. Ní foláir dúinn gan a ṫuille aimsire do leogaint ṫarainn. Ní’l tásg ná tuairisg fós i nEaṁain, ná i n‑aon ṗáirt de Ċúige Ċonċoḃair, ar an obair atá déanta againn ná ar an ḃfuadar atá fúinn. Táid fir ġéara, ġlan-raḋarcaċa, amuiċ uaim-se, ar gaċ bóṫar agus ar gaċ cosán, ag faire ċun gan aon sgéala do leogaint soir ċúċa. Má ġluaisimíd anois go tapaiḋ agus go luaimneaċ beiḋ cuaird na cúige taḃarṫa againn agus ollṁaiṫeas Ulaḋ, idir ḃuar agus bráiġde, idir ór agus airgead, cruinniġṫe annso againn, gan ċaṫ gan [ 33 ]ċoṁrac sar a mbeiḋ a ḟios i gceart ag Conċoḃar cad a ḃeiḋ imiġṫe air. Isé luas ár ngníṁ an gníoṁ ar fad. Gluaiseam láiṫreaċ. Sid é órdú ár ngluaiseaċta. Gaċ rí i mbun a ṫríoċa céad gan stad. Fearġus mac Róiġ ar tosaċ. Na seaċt Maine i ndiaiḋ na nUltaċ. Mise agus Oilill ’na ndiaiḋ sin. Na seaċt Meic Máġaċ i n‑ár ndiaiḋ-ne. Cú Raoi mac Dáire agus na Muiṁniġ ag déanaṁ sgiaṫ tar lorg ar an mór-ṡluaġ.

Cú Raoi.—Ní ḃeiḋ puinn fuiḋliġ le faġáil ag an sgiaṫ tar lorg.

M.—Beiḋ tuille agus ár ndóiṫin againn go léir ċoṁ luaṫ agus ḃeid ar gcosa ar ḃántaiḃ Ulaḋ. Leaṫfaimíd sinn féin an uair sin agus taḃarfar a roġa treó do Ṁuiṁneaċaiḃ.

Cú Raoi.—Tá go maiṫ.

M.—Gluaistear, a ríogra!

(Imṫiġid uile aċ Méiḃ agus Oilill.)
Seaḋ! a rí. A’ ḃfuilir sásta?

O.—Táimíd sásta, a ’nġín ó. Is gasta a ċuiris Muiṁniġ ar deire; le hiontaoiḃ asta, mar ’ḋ eaḋ. “Sgiaṫ tar lorg” agus gan naṁaid ann! Is maiṫ é! Ní misde sinn a ḃeiṫ ag gluaiseaċt. Tá a ḃfuil idir ċeiṫre áṫa Muiġe hAoi i n’ iṫir ḋearg acu! Ní fios caṫin a ġeaḃaiḋ beiṫiġeaċ greim féir ġlais as an dtalaṁ ann. Dá ḃfanaidís tamal eile ba neaṁní é sin féin mar ní ḃeaḋ beiṫiḋeaċ beó againn.

M.—Taḃarfar do ḋóiṫin acu ó ḃántaiḃ Ulaḋ ċuġat aċ foiḋne ḃeiṫ agat.

(Tig Fionnaḃair isteaċ.)

F. (Ag riṫ ċun a máṫar agus ’ġá pógaḋ.).—Ó, a ṁáṫair a ċroiḋe ’stiġ, tá sgannraḋ orm!

[ 34 ]M.—Éist, a laoġ liom. Cad fé ndeár an sgannraḋ?

F.—Ó, leog ḋom féin, a ṁáṫair. Tá uaṫḃas orm. Tá an doṁan go léir lán de ríġṫiḃ móra agus d’ḟearaiḃ armṫa agus de ċapailiḃ agus de ḋaoiniḃ, agus gan aon ḟear acu gan sleaġ ’na láiṁ aige. Nuair ḟéaċfá uait orṫa ba ḋóiċ leat gur coill ṁór ḟada leaṫan a ḃeaḋ ann, agus í ag bogaḋ agus ag leasgaḋ, agus í dá suaṫaḋ mar a ḃeaḋ gort le gaoiṫ. Ní féidir raḋarc d’ ḟaġáil ar aon ḟód tailiṁ árd ná íseal, aċ slóiġte agus arm, slóiġte agus arm; agus fuaim, fuaim, fuaim; im’ ṫimċeall san aér agus istiġ im’ ċluasaiḃ; agus creaṫán sa talaṁ fé m’ ċosaiḃ. Tá sgeón im’ ċroiḋe ó ḃreiṫ ag féaċaint orṫa. Tá sgeit agus anaiṫe orm. Tá a ḃfuil idir ċeiṫre áṫa Muiġe hAoi ’na steillḃeaṫaiḋ ba ḋóiċ leat. Cá ḃfuaraḋ na slóiġte go léir! Níor ṁeasas go raiḃ oiread daoine i nÉirinn. Ó, a ṁáṫair a ċroiḋe ’stiġ, má ṫéid siad súd go léir go Cúige Ulaḋ ní fágfar duine ná beiṫiḋeaċ beó ann!

M. (Ag cimilt a baise de ċeann a hinġine)—Éist, a laoġ. Ní baoġal duit. Is aṁlaiḋ atá an mór-ṡluaġ ag bogaḋ ċun gluaiste agus ’ġa gcur féin i dtreó agus i n‑eagar ċun a dtaisdil do ḋéanaṁ gan doċar ná iomard dá ċéile. Tá mór-obair le déanaṁ acu agus ní féidir mór-obair do ḋéanaṁ gan mór-ċongnaṁ. Ná bíoḋ ceist or, a ġraiḋn. Ní baoġal duit-se iad, geallaim duit é. Is cáirde dílse duit-se iad go léir. Ní’l aon ḟear ar na mílte fear san ná himreóċ a anam go fonnṁar ar do ṡon-sa. Ní’l rí uasal ná mac rí orṫa, ó aon ċúige de na ċeiṫre cúigíḃ, ná déarfaḋ leis féin láiṫreaċ go mbeaḋ an ḃean is áilne agus is [ 35 ]uaisle i nÉirinn aige dá ḃfaġaḋ sé ṫusa mar ṁnaoi! Tá fios an méid sin agam-sa, a ċailín. Féaċ náċ beag an sgannraḋ atá ar t’aṫair, agus tá a ḟios aige cad a ḃainean le contaḃairt agus le buaireaṁ cogaiḋ.

O.—Ní heaḋ aċ féaċ náċ beag an sgannraḋ atá ar do ṁáṫair, mar ní’l aon tsuim aici i gcontaḃairt ná i mbuaireaṁ cogaiḋ.

F.—Náċ truaġ ná féadan an saoġal déanaṁ gan cogaḋ! Tá talaṁ agus tiġearnas, agus maoin agus saiḋḃreas a ndóiṫin ag na Mainiḃ agus ag Macaiḃ Máġaċ. Tá a ndóiṫin mór ag Cú Raoi agus ag ríġṫiḃ Muṁan. Tá an talaṁ is fearr i nÉirinn sa Ṁuṁain. Cad tá orṫa ná fanaid siad sa ḃaile agus a suaineas do ċeapaḋ agus a gcuid saoġaltaċta do ċur ċun soċair agus ċun tairḃe le hobair agus le gnó agus le tiúsgal! Ḃeaḋ Éire níos saiḋḃre go mór ná atá sí da mba ná beaḋ aon ċógaḋ ann aċ na daoine go léir d’ ḟanaṁaint sa ḃaile ag déanaṁ críċe agus tiúsgail agus deaġ-ċoṁarsanaċta, ag caḃrú le n‑a ċéile go síoċ agus go suilḃir agus go suairc. Annsan iseaḋ ḃeaḋ an raṫ ar Éirinn.

M.—Sdó féaċ anois, a laoġ mo ċroiḋe. Tá neiṫe ann is mó go mór ag mac rí nó ag inġin rí ná maoin agus ná saiḋḃreas agus ná sáiṁe. Is beag acu saiḋḃreas gan mór-ċlú. Cad é ’ṁaiṫ maoin mara ḃféadtar é ċosaint! An fear a loirgean sáiṁe ḋó féin ní’l ann aċ spreas. Ní fada ḋó go dtiocfaiḋ an naṁaid a ḃainfiḋ an tsáiṁ-ríġeaċt dé. Ní mar sin d’ ḟear an ċroiḋe ṁir, d’ ḟear an ċroiḋe uasail. Ní hi sáiṁe ná i suaineas atá a ṁian aċ i nduaġ agus i ḃfulang agus i [ 36 ]ngníoṁarṫaiḃ gaile agus gaisge. Cad é ’ṁaiṫ mac rí nó inġean rí a ġeaḃaiḋ easonóir agus ná déanfaiḋ díċeall ar an easonóir do ḋíogailt.

O.—Is dóiċ liom, a leanḃ, go ḃfuil fios a haigne féin agat’ ṁáṫair maiṫ go leór. Tá sé ċoṁ maiṫ againn cead a cinn a ṫaḃairt di.

(Tig ara isteaċ.)

An t-ara (Ag uṁlú).—Táid na carbaid ollaṁ.

(Imṫiġid.)


An Dara Gníomh, An Tríomhadh Radharc