Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
33
TÁIN BÓ CUAILNGE

rac sar a mbeiḋ a ḟios i gceart ag Conċoḃar cad a ḃeiḋ imiġṫe air. Isé luas ár ngníṁ an gníoṁ ar fad. Gluaiseam láiṫreaċ. Sid é órdú ár ngluaiseaċta. Gaċ rí i mbun a ṫríoċa céad gan stad. Fearġus mac Róiġ ar tosaċ. Na seaċt Maine i ndiaiḋ na nUltaċ. Mise agus Oilill ’na ndiaiḋ sin. Na seaċt Meic Máġaċ i n‑ár ndiaiḋ-ne. Cú Raoi mac Dáire agus na Muiṁniġ ag déanaṁ sgiaṫ tar lorg ar an mór-ṡluaġ.

Cú Raoi.—Ní ḃeiḋ puinn fuiḋliġ le faġáil ag an sgiaṫ tar lorg.

M.—Beiḋ tuille agus ár ndóiṫin againn go léir ċoṁ luaṫ agus ḃeid ar gcosa ar ḃántaiḃ Ulaḋ. Leaṫfaimíd sinn féin an uair sin agus taḃarfar a roġa treó do Ṁuiṁneaċaiḃ.

Cú Raoi.—Tá go maiṫ.

M.—Gluaistear, a ríogra!

(Imṫiġid uile aċ Méiḃ agus Oilill.)
Seaḋ! a rí. A’ ḃfuilir sásta?

O.—Táimíd sásta, a ’nġín ó. Is gasta a ċuiris Muiṁniġ ar deire; le hiontaoiḃ asta, mar ’ḋ eaḋ. “Sgiaṫ tar lorg” agus gan naṁaid ann! Is maiṫ é! Ní misde sinn a ḃeiṫ ag gluaiseaċt. Tá a ḃfuil idir ċeiṫre áṫa Muiġe hAoi i n’ iṫir ḋearg acu! Ní fios caṫin a ġeaḃaiḋ beiṫiġeaċ greim féir ġlais as an dtalaṁ ann. Dá ḃfanaidís tamal eile ba neaṁní é sin féin mar ní ḃeaḋ beiṫiḋeaċ beó againn.

M.—Taḃarfar do ḋóiṫin acu ó ḃántaiḃ Ulaḋ ċuġat aċ foiḋne ḃeiṫ agat.

(Tig Fionnaḃair isteaċ.)

F. (Ag riṫ ċun a máṫar agus ’ġá pógaḋ.).—Ó, a ṁáṫair a ċroiḋe ’stiġ, tá sgannraḋ orm!