Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
32
TÁIN BÓ CUAILNGE

AN TRÍOṀAḊ RAḊARC.


Rí-ṫeaċ Cruaċna.—Méiḃ agus Oilill agus Fearġus agus na seaċt Maine agus seaċt Meic Máġaċ agus Cú Raoi mac Dáire agus ḋá rí ḋéag na Muṁan, agus iad i gcoṁairle.


M.—Ní’l aon duine ar an sluaġ so, a Ḟearġuis, is fearr ċun eóluis do ḋéanaṁ roṁainn ná ṫusa. Tá eólus ċúige Ulaḋ agat ċoṁ maiṫ agus atá ag Conċoḃar féin, agus tá eólus na cúige seo Connaċt agat go maiṫ um an dtaca so.

Cáċ.—Is fíor! Is fíor!

F.—Tá go maiṫ, a ríogan. Mar is maiṫ liḃ.

M.—Tá sgís agus suaineas maiṫ déanta ag an sluaġ anois agus is miṫid gluaiseaċt. Ní hé ár leas a ṫuille riġnis do ḋéanaṁ annso. Dá mb’ iad na Muiṁniġ féin iad tá tuirse na sliġe aneas curṫa ḋíoḃ acu. Is olc an rud mór-ṡluaġ neaṁ-ṫuirseaċ do ċoimeád díoṁaoin. An té ná déanfaiḋ a leas ní foláir dó a aiṁleas do ḋéanaṁ. Ní foláir dúinn gan a ṫuille aimsire do leogaint ṫarainn. Ní’l tásg ná tuairisg fós i nEaṁain, ná i n‑aon ṗáirt de Ċúige Ċonċoḃair, ar an obair atá déanta againn ná ar an ḃfuadar atá fúinn. Táid fir ġéara, ġlan-raḋarcaċa, amuiċ uaim-se, ar gaċ bóṫar agus ar gaċ cosán, ag faire ċun gan aon sgéala do leogaint soir ċúċa. Má ġluaisimíd anois go tapaiḋ agus go luaimneaċ beiḋ cuaird na cúige taḃarṫa againn agus ollṁaiṫeas Ulaḋ, idir ḃuar agus bráiġde, idir ór agus airgead, cruinniġṫe annso againn, gan ċaṫ gan ċoṁ-