Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/2/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Dara Gníomh, An Dara Radharc
[ 28 ]

AN DARA RAḊARC.


Méiḃ agus a draoi.


M.—Ṫánag a d’iaraiḋ feasa agus fáisdine ort, a ḋraoi.

D.—Abair linn an toisg a ṫug tu, a ríogan.

M.—Tá cruinniġṫe agam annso ar aon láṫair, idir ċeiṫre áṫa Ṁuiġe hAoi, breis agus céad míle fear armṫa. Táid slóiġte Connaċt ann agus ċeiṫre rí-ḟéinne déag ’na mbun, na seaċt Maine agus seaċt Maca Máġaċ. Táid slóiġte Muṁan ann fé Ċú Raoi mac Dáire agus fé ḋá rí ḋéag [ 29 ]eile ó’n Muṁain. Táid slóiġte Laiġean ann, an Duḃloingeas agus pobul Teaṁraċ. Ní’l aon ḟear díoḃ san go léir nár sgar le caoṁ agus le cara, le críċ agus le fearan, le gaol agus le coṁgas, le haṫair agus le máṫair, ag teaċt dóiḃ ar an slógaḋ so liom-sa. Tá súile fliuċa agus croiḋṫe buarṫa ’na ndiaiḋ sa ḃaile ag aosda agus ag óg, agus mara dtigid siad slán ṫar n‑ais is orm-sa a ḃeiḋ osna agus mallaċt na muintire sin atá ’n‑a ndiaiḋ, mar is mise fé ndeár iad do ṫarang ar an slógaḋ so. Ba ṁór an sólás agus an sásaṁ ar m’ aigne dá n‑innsteá ḋom an mbéarfaimíd buaḋ agus an dtiocfaiḋ a ḃforṁór so slán ó’n gcogaḋ. Aċ is fearr linn deaġ-ḟáisdine ná san féin. Innis-se ḋoṁsa an ḟírinne, an dtiocfam nó ná tiocfam.

D.—Pé duine a ṫiocfaiḋ ná ná tiocfaiḋ tiocfair-se féin.

(Imṫiġeas an D. Tig Feiḋealm banḟáiḋ isteaċ. Féaċas Méiḃ uirṫi.)

M.—Cé hé ṫusa, a ’nġín ó, nó cad tá uait?

F. B.—Feiḋealm banḟáiḋ is ainm doṁsa. Is de d’ ṁuintir-se me agus ṫánag ag taisbeánaḋ do leasa ḋuit.

M.—Cia de m’ ṁuintir-se ṫu, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ?

F. B.—Is mise banḟáiḋ síḋe Ráṫa Cruaċna.

M.—Cad fá go dtánaís ag taisbeánaḋ mo leasa ḋoṁsa, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ?

F. B.—Mar táid ċeiṫre ollċúige Éirean agat dá mbreiṫ leat i gcríoċaiḃ Ulaḋ, agus is ’mó cóir agus éagcóir, olc agus maiṫ, leas agus aiṁleas, a ṫiocfaiḋ as an mbeartú san, duit féin agus do’n ṁór-ṡluaġ atá fé d’ láiṁ agat. Is [ 30 ]banċuṁal de d’ ṁuintir me. An rud ġoillfiḋ ort-sa agus ar do ṁór-ṡluaġ goillfiḋ sé orm-sa.

M.—Maiṫ, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ; agus conus a ċíon tú ár sluaġ?

F. B.—Ċím forḋeargaḋ orṫa! Ċím ruag orṫa!

M.—Tá Conċoḃar ’na ċeas i nEaṁain. Ṫáinig m’eaċlaċa ċuġam uaiḋ. Ní baoġal dom Conċoḃar. Gan Conċoḃar ní baoġal dom Ultaiġ uile. Aċ abair fíor, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ.

F. B.—Ċím forḋeargaḋ ar ṡlóiġtiḃ Ṁéiḃ agus Oiliolla. Ċím ruag orṫa.

M.—Tá Cúsgraiḋ Meann ’na ċeas i nInis Cúsgraiḋ. Ṫáinig m’ eaċlaċa ċuġam-sa uaiḋ. Ní’l ann sluaġ do ċruinniú ná claiḋeaṁ do luasgaḋ. Ní sos dá ṁuintir é. Ḃéarfaḋ buiḋean ṡuaraċ táinte bó ósna dóirsiḃ acu gan ċosg. Ní heagal liom Cúsgraiḋ Meann ná Ultaiġ uile. Aċ abair fíor, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ.

F. B.—Ċím forḋeargaḋ—Ċím ruag.

M.—Tá Cealtċar mac Uiṫeaċair ’na ċeas i nDún Cealtċair. Tá meirg ar an Luin Cealtċair. Ṫáinig m’ eaċlaċa ċuġam ó’n nDún. A ḃanḟáiḋ síḋe Ráṫa Cruaċna, ní heagal liom-sa Ultaiġ. Aċ abair fíor, a Ḟeiḋealm banḟáiḋ.

F. B.—Ċím forḋeargaḋ—Ċím ruag.

M.—Ní liom-sa a ḃainean an bríġ atá agat-sa leis an gcaint sin, a ḃanḟáiḋ síḋe. Is ar ár naṁaid a ḃeiḋ an forḋeargaḋ agus an ruag sin a ċíon tú. Nuair a ḃeid ár sluaiġte ag gluaiseaċt i n‑aoinḟeaċt soir ó ṫuaiḋ ní hag troid le slóiġtiḃ naṁad a ḃeid siad, mar ní ḃeid na slóiġte ann ċuige. Aċ is ag iomaiḋ le ċéile a ḃeid fir Éirean, ag baint tosaċ sliġe dá ċéile ag gaḃáil dóiḃ ṫar [ 31 ]áṫ nó ṫar aḃainn, nó ag féaċaint cé aige go mbeiḋ céad ġoin muice nó fiaḋ. Ní’l aon ċoinne ag Ultaiḋ linn. Ní’l aon aṁras acu go ḃfuiltear ċúċa. Ní’l cúinne i gCúine Ulaḋ nár ṫáinig m’ eaċlaċa ċuġam-sa as. Táid Ultaiġ ’na gcodla. Beiḋ ár gcuaird taḃarṫa againn agus an sgrios déanta sar a ndúiseóiġ aoinne acu as a ċodla. Ní heagal liom iad, a ḃanḟáiḋ síḋe. Aċ abair fíor, a Ḟeiḋealm. Conus a ċíon tú ár sluaġ féin?

F. B.—Ċím forḋeargaḋ.—Ċím ruag.—Ċím fear fíor,—fear is uasal aigne—fear óg is áluinn daṫ,—fear is léir gníoṁ. Caoṁ a ġnúis le caraid. Garḃ a láṁ ar naṁaid. Draganta a ḋeilḃ i gcaṫ. A lann líoṁṫa ’na láiṁ ḋeas. A sgiaṫ ċosanta ’na láiṁ ċlé. Géillid slóiġte roimis. Fuil agus cuirp ’na ḋiaiḋ. Is onċú do Ċonnaċtaiḃ an Cú. Is míċlú do Ċonnaċtaiḃ a ċlú. Beid maiṫe móra ar míṫreóir. Laoċra ar lár. Slóiġte dá leadraḋ. Goilfid leinḃ. Caoinfid mná! Is líonṁar cáirde síḋe ag Cú Muiġe Muirṫeiṁne.

(Imṫiġeas.)

M.—Cé hé an “fear fíor?” Níor ṫráċt aoinne de m’ eaċlaċaiḃ air. Ní heól dom aoinne de ṁuintir Ċonċoḃair ag freagairt do’n tuarasgḃáil sin. Cé hé an “Cú Muiġe Muirṫeiṁne” go ḃfuil na cáirde síḋe aige?—Aċ is mar a ċéile é. Cad é ’ḃríġ aon laoċ aṁáin im’ ċoinniḃ se anois!

(Imṫiġeas.)


An Dara Gníomh, An Dara Radharc