Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
40
TÁIN BÓ CUAILNGE

na nGailian aċ an té imreóċaiḋ bás agus oiḋe orm-sa mar aon leó!

M.—Ní maiṫ an ċiall duit-se, a Ḟearġuis, an ċaint sin do ċaiṫeaṁ liom-sa. Ba ċóir go dtuigfeá id’ aigne go ḃfuil ar mo ċumas-sa tu féin agus iad féin do ċur ċun báis. Cad é an ḟaid le dul do ṫríoċa céad-sa agus tríoċa céad na nGailian ar ṡeaċt dtríoċa céad na Maine agus ar ṡeaċt dtríoċa céad ċlainne Máġaċ, gan tráċt ar mo ṫeaġlaċ-sa agus ar ṫeaġlaċ Oiliolla?

F.—Ní gan eólus a laḃras, a ríogan. Tá Cú Raoi mac Dáire ar an slógaḋ so. Tá ḋá rí ḋéag d’éaġmais Ċú Raoi annso ó’n Muṁain. Ní’l fé ḃun ċúig tríoċa céad déag d’ ḟearaiḃ cróḋa ó’n Muṁain annso. Dá mbeartóċaí an gníoṁ san do ḋéanaṁ ní ḃeaḋ agam-sa aċ an focal do ráḋ agus ba ró ġearr an ṁoill. Aċ ní hí sin an ċaint.—Is eagal leat-sa an tríoċa céad san Gailian do ḃeiṫ ar an slógaḋ so agus iad ċoṁ mór níos oilte ar ġnóṫaíḃ cogaiḋ ná an ċuid eile de’n ṁór-ṡluaġ. Tá leiġeas ar an gceataiġe sin gan dul ċoṁ fada leis an éirleaċ a deirir.

M.—Cad é an leiġeas é sin? Ní háil liom-sa éirleaċ do ḋéanaṁ orṫa aċ mar ṡeaċnaḋ ar éirleaċ ba ṁó ná é, éirleaċ a ċuirfeaḋ sinn féin agus ár mór-ṡluaġ ar neaṁní.

F.—Déintear tríoċa céad na nGailian do ḋíosgaoile ar ḟearaiḃ Éirean i dtreó ná beiḋ aon ċúigear acu i n‑aon inead. Ní ḃeiḋ caoi acu annsan ar ċoṁairle eatarṫa féin ná ar ċoṁ-obair, agus ní baoġal iad feasda.

M.—Is ró ṁaiṫ an ċoṁairle í sin, a Ḟearġuis, agus