Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
37
TÁIN BÓ CUAILNGE

gur fearr iad féin ná aon treaḃċas eile dá ḃfuil ar an mór-ṡluaġ. Gan an smaċt do ḃeiṫ láidir agus gan é ċur i ḃfeiḋm go dlúṫ agus go daingean níor ḃ’ ḟéidir an sluaġ do ḃainistiġe i n‑aon ċur. Is deacair smaċt láidir do ċur i ḃfeiḋm ar ċine uaiḃreaċ. Is dóiċ liom go ḃfuil a lán acu ná geaḃaḋ smaċt le n‑ais ó rí ná ó ríogan eile aċ ó Ṁéiḃ féin. Tá cumas éigin iongantaċ aici ar ḋaoiniḃ mór-aigeanta, ceann-árda, garḃa do lúbaḋ agus do ċromaḋ ċun a toile, agus ní dá n‑aiṁḋeóin é aċ le n‑a dtoil féin go hiomlán. Deinid siad rud uirṫi ná déanfaidís ar a haṫair, ar Árdrí Éirean!

Fionnaḃair.—Sidí ċuġainn í! Cad a ċoimeád uainn tu, a ṁáṫair?

(Tig Méiḃ.)

O.—’Seaḋ! a ríogan, conus atá an sgéal ag an sluaġ? Ar ṫáinig gaċ rí an líon a geallaḋ?

M.—Ní’l rí acu nár ṫáinig breis agus líon a ṫríoċa céad (Ag cur smuta gáire aisti). Ní ḋá ṫríoċa céad atá ag Cú Raoi mac Dáire aċ ċeiṫre ṫríoċa céad! Níor ṫáinig aon ḟear ó’n Muṁain gan céad nó ḋó aige sa mbreis ar an dtríoċa céad a ġeall sé. Is dóiċ liom gur b’ aṁlaiḋ a ṁeasadar ár mbuiḋeaċas do ṫuilleaṁ níos fearr ná mar ḃeaḋ sé tuillte ag ríġṫiḃ Connaċt. Aċ ba ṁaiṫ an ṁaise ag Ceat mac Máġaċ é agus ag an gcuid eile dár ríġṫiḃ féin, do ṫáinig an smuíneaṁ céadna ċúċa. Ní’l duine acu nár ṫug leis breis agus an tríoċa céad do hiaraḋ air. Dar leó go mbeaḋ buaḋ agus barr sa ní sin acu ar ríġṫiḃ Muṁan. Ní ḟeacaís riaṁ aċ an diombáḋ a ḃí orṫa ar gaċ taoḃ nuair a tuigeaḋ conus mar