Táin Bó Cuailnge ’na dhráma/2/5

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Táin Bó Cuailnge ’na dhráma by Peadar Ua Laoghaire
An Dara Gníomh, An Cúigeadh Radharc
[ 41 ]

AN CÚIGEAḊ RAḊARC.


Fearġus i n’ aonar.


F.—Is cruaiḋ an cás é. Is míorḃuilteaċ an ḃean í seo. Féaċ an ċuma ’na ḃfuilim aici agus gan aon dul as agam. Me ag déanaṁ eóluis isteaċ i gCúige Ulaḋ do ṁór-ṡluaġ naṁad,—agus nára [ 42 ] maiṫ agam! Mise, a ċeap riaṁ ná fanfaḋ braon fola im’ ċorp dá ḃfeicfinn órlaċ de ṫalaṁ na cúige sin fé ċosaiḃ naṁad! Sin é anois me im’ ḟear cinn riain ag seólaḋ mo naṁad isteaċ im’ ṫír dúṫċais féin! A! a Ċonċoḃair, is olc an gníoṁ a ḋeinis. Is fada anonn a ṫéiġean iarsma an droċ-ḃirt. Is trom a luiġean iarsma do ġníṁ-se orm-sa indiu, agus is gearr go luiġiḋ sé níos truime ort féin agus ar an ndúṫaiġ ṁíḟortiúnaċ ’na ḃfuil sé de ċrann uirṫi ḃeiṫ fé annsmaċt agat. Táim idir ḋá olc. Ḃíos im’ ġéilsine ḋílis do Ċonċoḃar go dtí gur ḃris sé a ḃriaṫar rí liom agus gur ṁairḃ sé Clann Uisniġ ṫar mo ċomairce. Do sgar an gníoṁ san me leis. Táim im’ ġéilsine do Ṁéiḃ agus d’ Oilill ó ṡin. Tá sé ċoṁ ceangailte orm anois ḃeiṫ dílis do Ṁéiḃ agus ḃí sé orm an uair sin ḃeiṫ dílis do Ċonċoḃar. Is ró ṁaiṫ atá fios an méid sin ag Méiḃ agus ag Oilill. Is maiṫ is eól dóiḃ náċ féidir doṁsa mo ċeangal géilsine do sgaoile mara mbristear briaṫar rí liom féin ar dtúis. Náċ naṁaid agam Conċoḃar! Náċ i n‑aġaiḋ Ċonċoḃair atá an slógaḋ so! Cad tá le ráḋ agam? Náċ é is luġa is gann dom eólus sliġe ḋéanaṁ do’n tslógaḋ uasal atá ag teaċt fé ḟuaċt agus fé annró ċun mo naṁad do ċlaoiḋ agus ċun me féin do ċur arís i réim i dtalaṁ mo ṡinsear! Ó, a Ṁéiḃ, is doiṁinn an ḃean tu! Is daingean an greim atá agat orm! Ṫugas cúl le m’ ḋúṫaiġ féin tré ġráin ar an ḃfeall a ḋein Conċoḃar. Sin feall níos caillte ná é agam féin dá ḋéanaṁ anois. Cad é ’ḃríġ feall Ċonċoḃair seaċas an feall so! Níor ṁairḃ Conċoḃar aċ triúr. An feall so [ 43 ]agam-sa dá ḋéanaṁ ní ḟáigfaiḋ sé duine ná beiṫiḋeaċ beó i gCúige Ulaḋ. Beiḋ asaċán grána dá ċasaḋ le Conċoḃar go deó. Cad é ’ḃríġ é seaċas an t-asaċán a casfar le Fearġus!—An ḃfuil Fiaċa mac Fir Ḟeiḃe annsan! (go hárd.)

Fiaċa (amuiċ.)—Tá sé annso, a rí.

(Tig Fiaċa isteaċ.)

F.—Cad deirir anois leat féin, a Ḟiaċa?

Fiaċa.—Deirim, a rí, gur b’ annspianta an córú é, ag dul a d’ iaraiḋ tairḃ. Is dóċa gur mian le Méiḃ triúċa céad Cuailnge do ṫaḃairt lé agus é ċur mar oileán amuiċ i n‑aice na nÁran.

F.—Is gasta a ċuir sí púicín ar ḋaoine leis an dtarḃ. Ní hé an tarḃ ná triúċa céad Cuailnge atá uaiṫi, bíoḋ go mbeid siad aici. Cúige Ulaḋ ar fad atá uaiṫi. Measan sí Cúige Ulaḋ do sgrios. Ní’l aon ċoinne ag Conċoḃar ná ag ríogra Ulaḋ lé. Níor ċuaiḋ soir aċ an ráfla i dtaoḃ an tairḃ. Ní’l aon aṁras acu ṫoir go ḃfuil an slógaḋ so ċoṁ mór agus ’tá sé. Tiocfar i gan ḟios orṫa. Is olc an obair í seo agam-sa dá ḋéanaṁ, a Ḟiaċa. Níor ḋeineas riaṁ obair níos measa. Is me atá ag déanaṁ eóluis do’n tsluaġ so. Eólus do ṡluaġ naṁad isteaċ im’ ḋúṫaiġ féin! Isé Fearġus mac Róiġ atá ’ġá ḋéanaṁ san! An Fearġus nár ḋein feall riaṁ. Is olc an obair í. Tá orm an t‑eólus do ḋéanaṁ. Aċ féaċ, a Ḟiaċa; ní’l orm na coṁngair do ġaḃáil. Tá a lán siuḃalta againn ċeana, aċ ní soir atá puinn de’n tsiuḃal déanta fós. Táim ag cur riġnis orṫa ċoṁ maiṫ agus is féidir liom é, le hionċas go mb’ ḟéidir go sroisfeaḋ sgéala an tslógaiḋ ċun ár muintire luaṫ nó mall.

[ 44 ]Fiaċa.—Ní dóiċ liom, a rí, go ḃfuil aon ḃreiṫ ag aon tuairisg ar ḋul soir, aċ tuairisg an ċoiṁeasgair i dtaoḃ an tairḃ.

F.—Is fíor san. Ní’l bóṫar ná cosán gan eaċlaċa ó Ṁéiḃ ag faire air. Ní ḟeicim go ḃfuil le déanaṁ againn aċ aon ní aṁáin agus má ṫeipean orainn sa ní sin beiḋ deire le réim Ċúige Ulaḋ.

Fiaċa.—Cad é an ní é sin, a rí?

F.—Tá, foláraṁ a ṫaḃairt dom’ ḋalta, do Ċú Ċulainn, agus mara ndéanfair-se an ní sin ní ḋéanfaiḋ aoinne é. Ní foláir duit sleaṁnú uainn i gan ḟios, a Ḟiaċa, agus sgéala do ċur ag trial ar Ċú Ċulainn. Cuirfiḋ seisean sgéala ag trial ar Ċonċoḃar agus ar an gcuid eile de ríogra Ulaḋ. Ní halaiḋ ḋúinn cead a cinn ar fad do ṫaḃairt do’n ṁnaoi seo. An ḃfuil ’ḟios agat cad a ċeap sí a ḋéanaṁ le tríoċa céad na nGailian?

Fiaċa.—D’ airiġeamair é, a rí. Ní haon iontaoiḃ í. Mara mbeaḋ tusa ’ġár gcosaint is dóċa go raġaḋ an sgéal cruaiḋ orainn.

F.—Ní raġaḋ. Do ċuirfinn-se an sgéal cruaiḋ uirṫi féin ar dtúis. Aċ imṫiġ leat, a Ḟiaċa, agus dein mar a deirim leat. An ḟaid a ḃead-sa ag déanaṁ an eóluis déanfad an riġneas is mó ḟéadfad do ċur ar an sluaġ so. Má ṫigean le laoċra Ulaḋ a neart agus a ngustal do ċruinniú agus do ġléasaḋ i gceart b’ ḟéidir ná beaḋ a cuaird ar a toil ar fad ag Méiḃ, dá ḟeaḃas a ḋein sí í féin d’ ollṁú. Is doiṁinn, dorċa dúblálta an ḃean í! Is dóċa, má buailtear caṫ trom gur sinne is túisge a ṫuitfiḋ. Coimeádfaiḋ sí ar tosaċ sinn. Sin mar is fearr é. Is fearr sinn [ 45 ]do ṫuitim ná ár ngaolta go léir do ṫuitim agus ár ndúṫaiġ do ḃeiṫ ’na ḋearg-ḟásaċ.

Fiaċa.—Is fíor, a rí. Déanfad-sa an rud a deirir nó caillfead an t‑anam leis.

(Imṫiġeas.)

F.—Agus déanfad-sa an rud eile, agus a Ṁéiḃ, ní ċaillfead an t‑anam leis. Ní ḃeiḋ an sgéal ċoṁ breáġ ċoṁ bog agus a ṁeasan tú agat.

(Imṫiġeas.)


An Dara Gníomh, An Cúigeadh Radharc