Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/58

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
44
TÁIN BÓ CUAILNGE

Fiaċa.—Ní dóiċ liom, a rí, go ḃfuil aon ḃreiṫ ag aon tuairisg ar ḋul soir, aċ tuairisg an ċoiṁeasgair i dtaoḃ an tairḃ.

F.—Is fíor san. Ní’l bóṫar ná cosán gan eaċlaċa ó Ṁéiḃ ag faire air. Ní ḟeicim go ḃfuil le déanaṁ againn aċ aon ní aṁáin agus má ṫeipean orainn sa ní sin beiḋ deire le réim Ċúige Ulaḋ.

Fiaċa.—Cad é an ní é sin, a rí?

F.—Tá, foláraṁ a ṫaḃairt dom’ ḋalta, do Ċú Ċulainn, agus mara ndéanfair-se an ní sin ní ḋéanfaiḋ aoinne é. Ní foláir duit sleaṁnú uainn i gan ḟios, a Ḟiaċa, agus sgéala do ċur ag trial ar Ċú Ċulainn. Cuirfiḋ seisean sgéala ag trial ar Ċonċoḃar agus ar an gcuid eile de ríogra Ulaḋ. Ní halaiḋ ḋúinn cead a cinn ar fad do ṫaḃairt do’n ṁnaoi seo. An ḃfuil ’ḟios agat cad a ċeap sí a ḋéanaṁ le tríoċa céad na nGailian?

Fiaċa.—D’ airiġeamair é, a rí. Ní haon iontaoiḃ í. Mara mbeaḋ tusa ’ġár gcosaint is dóċa go raġaḋ an sgéal cruaiḋ orainn.

F.—Ní raġaḋ. Do ċuirfinn-se an sgéal cruaiḋ uirṫi féin ar dtúis. Aċ imṫiġ leat, a Ḟiaċa, agus dein mar a deirim leat. An ḟaid a ḃead-sa ag déanaṁ an eóluis déanfad an riġneas is mó ḟéadfad do ċur ar an sluaġ so. Má ṫigean le laoċra Ulaḋ a neart agus a ngustal do ċruinniú agus do ġléasaḋ i gceart b’ ḟéidir ná beaḋ a cuaird ar a toil ar fad ag Méiḃ, dá ḟeaḃas a ḋein sí í féin d’ ollṁú. Is doiṁinn, dorċa dúblálta an ḃean í! Is dóċa, má buailtear caṫ trom gur sinne is túisge a ṫuitfiḋ. Coimeádfaiḋ sí ar tosaċ sinn. Sin mar is fearr é. Is fearr sinn