Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
45
TÁIN BÓ CUAILNGE

do ṫuitim ná ár ngaolta go léir do ṫuitim agus ár ndúṫaiġ do ḃeiṫ ’na ḋearg-ḟásaċ.

Fiaċa.—Is fíor, a rí. Déanfad-sa an rud a deirir nó caillfead an t‑anam leis.

(Imṫiġeas.)

F.—Agus déanfad-sa an rud eile, agus a Ṁéiḃ, ní ċaillfead an t‑anam leis. Ní ḃeiḋ an sgéal ċoṁ breáġ ċoṁ bog agus a ṁeasan tú agat.

(Imṫiġeas.)



AN SÉAṀAḊ RAḊARC.


Oilill agus Fionnaḃair, ’na seasaṁ.


Fionn.—Is dóiċ liom, a aṫair, gur amú atáimíd go léir ag dul. Measaim gur ġaḃamair an bóṫar so ċeana indiu.

O.—Ní deirim, a ’nġín ó, ná go ḃfuil an ceart agat.

(Tig Méiḃ isteaċ.)

M.—Is deas an obair í seo! Tá ár sluaġ ag dul anonn ’s anall ag measgaḋ ar a ċéile agus ag déanaṁ toirmisg dá ċéile. Is baoġal go n‑eireóċaiḋ bruiġean eatarṫa. Tá fiċe míle ’ṡliġe curṫa ḋínn againn ó ṁaidean agus ní’limíd míle go leiṫ níos sia soir ná ḃíomair ar maidin!

(Tig Fearġus isteaċ. Deineas Méiḃ suas ar Ḟearġus agus buailean sí buille ḋorn fan na cluaise air.)
Is maiṫ an sás eóluis do ḋéanaṁ tu! Ní misde ḋúinn ḃeiṫ ag braṫ ort! Is gearr go mbeimíd i nEaṁain agat! Tuigim ṫu. Tuigim an rud atá istiġ id’ ċroiḋe ċoṁ maiṫ agus a ṫuigean tú