Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/57

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
43
TÁIN BÓ CUAILNGE

agam-sa dá ḋéanaṁ ní ḟáigfaiḋ sé duine ná beiṫiḋeaċ beó i gCúige Ulaḋ. Beiḋ asaċán grána dá ċasaḋ le Conċoḃar go deó. Cad é ’ḃríġ é seaċas an t-asaċán a casfar le Fearġus!—An ḃfuil Fiaċa mac Fir Ḟeiḃe annsan! (go hárd.)

Fiaċa (amuiċ.)—Tá sé annso, a rí.

(Tig Fiaċa isteaċ.)

F.—Cad deirir anois leat féin, a Ḟiaċa?

Fiaċa.—Deirim, a rí, gur b’ annspianta an córú é, ag dul a d’ iaraiḋ tairḃ. Is dóċa gur mian le Méiḃ triúċa céad Cuailnge do ṫaḃairt lé agus é ċur mar oileán amuiċ i n‑aice na nÁran.

F.—Is gasta a ċuir sí púicín ar ḋaoine leis an dtarḃ. Ní hé an tarḃ ná triúċa céad Cuailnge atá uaiṫi, bíoḋ go mbeid siad aici. Cúige Ulaḋ ar fad atá uaiṫi. Measan sí Cúige Ulaḋ do sgrios. Ní’l aon ċoinne ag Conċoḃar ná ag ríogra Ulaḋ lé. Níor ċuaiḋ soir aċ an ráfla i dtaoḃ an tairḃ. Ní’l aon aṁras acu ṫoir go ḃfuil an slógaḋ so ċoṁ mór agus ’tá sé. Tiocfar i gan ḟios orṫa. Is olc an obair í seo agam-sa dá ḋéanaṁ, a Ḟiaċa. Níor ḋeineas riaṁ obair níos measa. Is me atá ag déanaṁ eóluis do’n tsluaġ so. Eólus do ṡluaġ naṁad isteaċ im’ ḋúṫaiġ féin! Isé Fearġus mac Róiġ atá ’ġá ḋéanaṁ san! An Fearġus nár ḋein feall riaṁ. Is olc an obair í. Tá orm an t‑eólus do ḋéanaṁ. Aċ féaċ, a Ḟiaċa; ní’l orm na coṁngair do ġaḃáil. Tá a lán siuḃalta againn ċeana, aċ ní soir atá puinn de’n tsiuḃal déanta fós. Táim ag cur riġnis orṫa ċoṁ maiṫ agus is féidir liom é, le hionċas go mb’ ḟéidir go sroisfeaḋ sgéala an tslógaiḋ ċun ár muintire luaṫ nó mall.